FBManna
Anailís Ghinearálta ar an Scór
Bunúsach 0-25%
Go raibh maith agat as ucht do chuid ama agus dúthrachta chun ceistneoir DMA le haghaidh FBManna a líonadh isteach!
Taispeánann do mheánscór go bhfuil d’eagraíocht ag tús phróiseas a claochlaithe dhigitigh agus gur cinnte go bhféadfadh an eagraíocht tairbhí suntasacha a bhaint fiú as infheistíochtaí teoranta i dteicneolaíochtaí agus i scileanna digiteacha chun feabhas a chur ar oibríochtaí agus ar tháirgí. Tá do chuid infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha fós teoranta agus is tascanna riaracháin is mó a chumhdaítear leo ach d’fhéadfadh d’eagraíocht bearta a dhéanamh (i dtéarmaí pleananna agus acmhainní) chun freastal ar réitigh ar leibhéal níos airde. Tá teicneolaíochtaí príomhshrutha áirithe á n‑úsáid agat le haghaidh d’oibríochtaí laethúla ach is mó tairbhe a d’fhéadfá a bhaint as na deiseanna atá á dtairiscint le teicneolaíochtaí atá tagtha chun cinn le déanaí agus atá bunaithe ar an idirlíon (is é sin, an ríomhthráchtáil, gnólacht le gnólacht (B2B) gnólacht le tomhaltóir (B2C) srl.) agus as teicneolaíochtaí eile ar leibhéal níos airde (is é sin, an intleacht shaorga). D’fhéadfá infheistíocht níos mó a dhéanamh freisin in oiliúint a chur ar an bpearsanra, in oibrithe gairmiúla speisialaithe TF a fhostú agus i d’fhoireann a thabhairt isteach agus a ullmhú go gníomhach sa phróiseas chun réitigh dhigiteacha a ghlacadh a d’fhéadfadh athrú a chur ar an mbealach a dhéantar tascanna faoi láthair. Is iomaí tairbhe a bheifeá in ann a bhaint as straitéis sonraí iomlánaíoch a ghlacadh agus a chur chun feidhme, slándáil sonraí mar shampla. Sholáthródh sé sin duit acmhainneachtaí anailísíochta sonraí méadaithe agus thacódh sé le do chuid próiseas cinnteoireachta. D’fhéadfá teicneolaíochtaí TFC a ghlacadh freisin, a d’fhéadfadh cuidiú le d’eagraíocht a bheith níos inbhuanaithe ina hoibríochtaí (do lorg comhshaoil a laghdú) agus d’fhéadfá tús áite a thabhairt do tháirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus táirgí digiteacha á roghnú agat (trealamh TF).
I do chás féin, tá acmhainneacht ollmhór ann nach bhfuil leas á bhaint aisti agus d’fhéadfaí borradh a chur faoi tháirgiúlacht agus faoi ionchas do ghnólachta láithreach ach triail a bhaint as níos mó teicneolaíochtaí digiteacha agus iad a ghlacadh.
Ríomhtar an scór sin mar mheánscór de na scóir a fuair tú ar feadh 6 ghné an cheistneora DMA a chuir tú isteach: i) Straitéis Ghnó Dhigitigh ii) an Ullmhacht Dhigiteach iii) an Digiteáil Dhuine-lárnach iv) Bainistiú Sonraí v) an tUathoibriú agus Faisnéis agus vi) an Digiteáil Ghlas. Spreagaimid thú chun léirmhíniú na scór ó gach ceann de na 6 ghné a léamh, maille lena mbarúlacha agus moltaí ábhartha maidir leis an stádas atá agat faoi láthair i ngach ceann de na gnéithe sin agus leis an acmhainneacht nár fiosraíodh fós agus ar a bhféadfá aghaidh a thabhairt le cuidiú ón Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach.
Meánscór 26-50%
Go raibh maith agat as ucht do chuid ama agus dúthrachta chun ceistneoir DMA le haghaidh FBManna a líonadh isteach!
Taispeánann do mheánscór go bhfuil meánleibhéal aibíochta digití bainte amach ag d’eagraíocht cheana féin, ach tá feabhsuithe ann fós a d’fhéadfá a dhéanamh. D’fhéadfá tairbhí suntasacha a bhaint as infheistíochtaí breise i dteicneolaíochtaí agus i scileanna digiteacha chun feabhas a chur ar oibríochtaí agus ar tháirgí. Leis na hinfheistíochtaí atá déanta agat i dteicneolaíochtaí digiteacha faoi láthair, cumhdaítear réimse de na croí‑oibríochtaí gnó agat ach d’fhéadfá do leibhéal ullmhachta a mhéadú (i dtéarmaí pleananna agus acmhainní) chun freastal ar réitigh ar leibhéal níos airde. Tá roinnt teicneolaíochtaí príomhshrutha á n‑úsáid agat le haghaidh d’oibríochtaí ach is mó tairbhe a d’fhéadfá a bhaint as teicneolaíochtaí ar leibhéal níos airde a ghlacadh (is é sin, Córais Bainistíochta Faisnéise, ERP, an ríomhthráchtáil, gnólacht le gnólacht (B2B) gnólacht le tomhaltóir (B2C), idir gnólachtaí agus rialtas (B2G), líonraí sóisialta srl.) agus as teicneolaíochtaí níos bunathraithí (is é sin, an intleacht shaorga). Tá meánleibhéal scileanna digiteacha ag do phearsanra, ach chun dul chun cinn a dhéanamh i do chlaochlú digiteach, bheadh ort oiliúint a chur ar phearsanra ar bhealach a bheadh pleanáilte agus curtha i bhfeidhm go maith, agus bheadh oibrithe gairmiúla speisialaithe TF ag teastáil chun tacú leat. Ba cheart an spreagadh is gá a thabhairt don bhainistíocht agus don fhoireann chun dul i mbun ghlacadh na réiteach digiteach nua go hiomlán agus chun tacú leo leis sin, gan eagla a bheith orthu roimh na hathruithe a thiocfadh in éineacht leis. D’fhéadfadh sé go bhfuil mórán eolais ghnó agat i bhfoirm dhigiteach cheana féin ach is mór a rachadh straitéis sonraí chuimsitheach, agus slándáil sonraí san áireamh, chun tairbhe duit. Sholáthródh sé sin duit acmhainneachtaí anailísíochta sonraí méadaithe agus thacódh sé leis an gcinnteoireacht ardleibhéil. D’fhéadfaí teicneolaíochtaí TFC a ghlacadh freisin chun cuidiú le d’eagraíocht a bheith níos inbhuanaithe ina hoibríochtaí (do lorg comhshaoil a laghdú) agus d’fhéadfá tús áite a thabhairt do tháirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus táirgí digiteacha á roghnú agat (trealamh TF).
D’fhéadfá d’iomaíochas a mhéadú ach feabhas a chur ar aibíocht dhigiteach do ghnólachta agus thabharfadh sé sin níos cóngaraí thú d’iomaitheoirí digiteacha níos aibí i do mhargadh sainspéise. Sholáthródh sé sin buntáiste iomaíoch duit freisin ar iomaitheoirí nach bhfuil chomh forbartha céanna i gcúrsaí digiteacha.
Ríomhtar an scór sin mar mheánscór de na scóir a fuair tú ar feadh 6 ghné an cheistneora DMA a chuir tú isteach: i) Straitéis Ghnó Dhigitigh ii) an Ullmhacht Dhigiteach iii) an Digiteáil Dhuine-lárnach iv) Bainistiú Sonraí v) an tUathoibriú agus Faisnéis agus vi) an Digiteáil Ghlas. Spreagaimid thú chun léirmhíniú na scór ó gach ceann de na 6 ghné a léamh, maille lena mbarúlacha agus moltaí ábhartha maidir leis an stádas atá agat faoi láthair i ngach ceann de na gnéithe sin agus leis an acmhainneacht nár fiosraíodh fós agus ar a bhféadfá aghaidh a thabhairt le cuidiú ón Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach.
Measartha maith chun cinn 50-75%
Go raibh maith agat as ucht do chuid ama agus dúthrachta chun ceistneoir DMA le haghaidh FBManna a líonadh isteach!
Léiríonn do mheánscór go bhfuil próiseas claochlaithe dhigitigh d’eagraíochta measartha maith chun cinn cheana féin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tú ag baint tairbhí le haghaidh d’eagraíochta cheana féin as úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha, idir theicneolaíochtaí príomhshrutha agus, go pointe níos ísle, as ardteicneolaíochtaí áirithe. Cé go bhfuil tú ar an tslí i dtreo an chlaochlaithe dhigitigh cheana féin, d’fhéadfá tuilleadh feabhais a chur ar an iomaíochas, ar an teacht aniar, agus ar an inbhuanaitheacht trí infheistíochtaí níos spriocdhírithe i dteicneolaíochtaí agus i scileanna digiteacha. Leis na hinfheistíochtaí atá déanta i dteicneolaíochtaí digiteacha agat faoi láthair, cumhdaítear réimse leathan de na croí‑oibríochtaí gnó agat ach tá spás fós ann chun do leibhéal ullmhachta a mhéadú (i dtéarmaí pleananna agus acmhainní) chun freastal ar réitigh níos sofaisticiúla. Tá formhór na dteicneolaíochtaí príomhshrutha dá bhfuil ar fáil á n‑úsáid agat faoi láthair le haghaidh d’oibríochtaí ach tá an-chuid acmhainneachta fós ann nár baineadh leas aisti fós trí theicneolaíochtaí ar leibhéal níos airde a ghlacadh agus teicneolaíochtaí níos bunathraithí san áireamh (is é sin, an intleacht shaorga). Tá leibhéal méadaithe scileanna digiteacha ag do phearsanra, ach chun dul chun cinn a dhéanamh i do chlaochlú digiteach, is gá clár oiliúna pearsanra atá pleanáilte agus curtha i bhfeidhm go maith a bheith agat, agus ní mór oibrithe gairmiúla speisialaithe TF a bheith ann chun tacú leat. Ba cheart an spreagadh is gá a thabhairt do gach leibhéal bainistíochta agus foirne chun dul i mbun ghlacadh na réiteach digiteach atá ar leibhéal níos airde, ar bhealach iomlán, agus chun tacú leo leis sin, gan eagla a bheith orthu roimh na hathruithe a thiocfadh in éineacht leis. Tá d’acmhainneachtaí bainistithe sonraí agus slándála sonraí ar ardleibhéal ach is mó tairbhe a d’fhéadfá a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha lena dtabharfaí duit an fhaisnéis ghnó a theastaíonn uait chun an iomaíocht a shárú. D’fhéadfaí tuilleadh teicneolaíochtaí TFC a ghlacadh freisin chun cuidiú le d’eagraíocht a bheith níos inbhuanaithe ina hoibríochtaí (do lorg comhshaoil a laghdú) agus d’fhéadfá d’acmhainneachtaí a mhéadú fós i roghnú agus in úsáid na dtáirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (trealamh TF).
Le hinfheistíochtaí nua sa digiteáil, thabharfaí aibíocht dhigiteach do ghnólachta ar leibhéal nua níos airde agus sholáthródh sé sin buntáistí suntasacha duit ar iomaitheoirí i do réigiún agus lasmuigh de i do mhargadh sainspéise.
Ríomhtar an scór sin mar mheánscór de na scóir a fuair tú ar feadh 6 ghné an cheistneora DMA a chuir tú isteach: i) Straitéis Ghnó Dhigitigh ii) an Ullmhacht Dhigiteach iii) an Digiteáil Dhuine-lárnach iv) Bainistiú Sonraí v) an tUathoibriú agus Faisnéis agus vi) an Digiteáil Ghlas. Spreagaimid thú chun léirmhíniú na scór ó gach ceann de na 6 ghné a léamh, maille lena mbarúlacha agus moltaí ábhartha maidir leis an stádas atá agat faoi láthair i ngach ceann de na gnéithe sin agus leis an acmhainneacht nár fiosraíodh fós agus ar a bhféadfá aghaidh a thabhairt le cuidiú ón Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach.
Ardleibhéal 76-100%
Go raibh maith agat as ucht do chuid ama agus dúthrachta chun ceistneoir DMA le haghaidh FBManna a líonadh isteach!
Léiríonn do mheánscór go bhfuil próiseas claochlaithe dhigitigh d’eagraíochta sách fada chun cinn cheana féin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tú chun tosaigh cheana féin agus go raibh d’eagraíocht ag baint na dtairbhí as úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha le tamall sách fada. Tá úsáid á baint agat as teicneolaíochtaí príomhshrutha agus as teicneolaíochtaí atá ar leibhéal níos airdele haghaidh gnéithe difriúla de d’oibríochtaí. Cé go bhfuil tú chun cinn cheana féin d’fhéadfá tuilleadh feabhais a chur ar réimsí cuir i gcás an inbhuanaitheacht agus an t‑iomaíochas agus triail á bhaint agat as teicneolaíochtaí digiteacha níos nuaí agus níos bunathraithí agus iad á gcur chun feidhme agat.
Infheistíochtaí nua agus níos spriocdhírithe in ardteicneolaíochtaí digiteála, mar shampla IS, d’fhéadfaidís cuidiú leat an aibíocht dhigiteach a bhaint amach lena méadófaí d’iomaíochas ar bhonn domhanda i do mhargadh sainspéise.
Ríomhtar an scór sin mar mheánscór de na scóir a fuair tú ar feadh 6 ghné an cheistneora DMA a chuir tú isteach: i) Straitéis Ghnó Dhigitigh ii) an Ullmhacht Dhigiteach iii) an Digiteáil Dhuine-lárnach iv) Bainistiú Sonraí v) an tUathoibriú agus Faisnéis agus vi) an Digiteáil Ghlas. Spreagaimid thú chun léirmhíniú na scór ó gach ceann de na 6 ghné a léamh, maille lena mbarúlacha agus moltaí ábhartha maidir leis an stádas atá agat faoi láthair i ngach ceann de na gnéithe sin agus leis an acmhainneacht nár fiosraíodh fós agus ar a bhféadfá aghaidh a thabhairt le cuidiú ón Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach.
Anailís Scóir in aghaidh na gné
-
Straitéis Ghnó Dhigitigh
Bunúsach 0-25%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath maidir le straitéis ghnó agus infheistíochtaí le haghaidh na digiteála. Ciallaíonn sé sin go bhfuil deis shuntasach ann chun feabhsuithe a dhéanamh. Chun feabhas a chur ar an leibhéal digiteála, d’fhéadfá tosú trí phlean soiléir a shainiú agus na hacmhainní airgeadais chun tacú leis a shainaithint. Is maith mar chéad chéim na hinfheistíochtaí tosaigh i dteicneolaíochtaí digiteacha chun d’eagraíocht a nuachóiriú go páirteach. D’fhéadfá tuilleadh tairbhe a bhaint as páirteanna tábhachtacha de d’oibríochtaí a uathoibriú, cuir i gcás, táirgeadh, seirbhísí do chustaiméirí, srl. D’fhéadfá buntáistí a fháil freisin trí theicneolaíochtaí digiteacha ar leibhéal níos airde a úsáid i réimsí cuir i gcás lóistíocht, margaíocht agus díolacháin, ceannach agus soláthar, agus slándáil ardleibhéil.
I dtéarmaí na pleanála straitéisí, d’fhéadfadh sé go bhfuil teicneolaíochtaí áirithe sainaitheanta agat ach is iomaí deis digiteála eile atá ann a d’fhéadfadh a bheith le leas do chuspóirí gnó. Bheadh ort buiséad a leithdháileadh chun feabhas a chur ar do bhonneagar TF agus chun gealltanas na bainistíochta a chinntiú chun go mbainfear tairbhe iomlán astu. D’fhéadfadh gá a bheith ann freisin foireann TF níos láidre a earcú le haghaidh na n‑athruithe eagraíochtúla agus próisis a bhfuil gá leo chun d’fhiontar a dhigiteáil.
Meánscór 26-50%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim luath maidir le straitéis ghnó agus infheistíochtaí le haghaidh na digiteála. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an‑chuid acmhainneachta ann chun feabhsuithe a dhéanamh. Tá plean tosaigh agus acmhainní agat agus tá do bhainistíocht gabhálach ina leith ach is gá dlús a chur leis an ngealltanas agus le hiarrachtaí ar mhaithe leis an digiteáil mhéadaithe. D’fhéadfadh méid áirithe infheistíochta a bheith déanta agat i dteicneolaíochtaí digiteacha chun oibríochtaí do ghnólachta a nuachóiriú, cuir i gcás, dearadh do tháirgí/sheirbhísí, pleanáil agus bainistíocht tionscadal. D’fhéadfá tuilleadh tairbhe a bhaint as páirteanna tábhachtacha de d’oibríochtaí a uathoibriú, cuir i gcás, táirgeadh, seirbhísí do chustaiméirí, srl. D’fhéadfá tairbhe a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha ar leibhéal níos airde a thabhairt isteach i réimsí freisin cuir i gcás lóistíocht, margaíocht agus díolacháin, ceannach agus soláthar, agus slándáil ardleibhéil. Tá an bonneagar TF a theastaíonn uait agat chun tacú le leibhéal tosaigh digiteála agus tá pearsanra oilte TF agat, cé go bhfuil méid an phearsanra sin teoranta.
Thairis sin, d’fhéadfá tábhacht straitéiseach na digiteála a ardú le haghaidh do ghnólachta chun tionchar níos dearfaí a bhaint amach maidir le próisis nó costais inmheánacha/sheachtracha. Bheadh ort buiséad níos mó a leithdháileadh chun feabhas a chur ar do bhonneagar TF agus chun gealltanas na bainistíochta agus na foirne a chinntiú chun go mbainfear tairbhe iomlán astu. D’fhéadfadh gá a bheith ann freisin tuilleadh foirne TF agus próifílí speisialtóra dhigitigh a earcú le haghaidh na n‑athruithe eagraíochtúla agus próisis a bhfuil gá leo chun d’fhiontar a dhigiteáil.
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn maidir le straitéis ghnó agus infheistíochtaí le haghaidh na digiteála. Baineann tú tairbhe as cheana féin ach tá acmhainneacht ann fós atá le saothrú. Tá plean sonrach agus acmhainní agat agus gealltanas láidir ón mbainistíocht. Rinneadh infheistíochtaí atá ann faoi láthair agus infheistíochtaí beartaithe sa digiteáil chun próisis inmheánacha / oibríochtaí a optamú agus costais a laghdú.
Mar sin féin, d’fhéadfá tuilleadh feabhais a chur ar cháilíocht na dtáirgí nó na seirbhísí tríd an digiteáil. Ina theannta sin, is gá do phlean digiteála a chur chun feidhme go daingean agus plean praiticiúil a dhéanamh le haghaidh infheistíochtaí atá beartaithe tráth éigin go luath amach anseo. Na hathruithe eagraíochtúla agus próisis a bhfuil gá leo chun tacú le digiteáil an fhiontair, tá bainisteoirí sinsearacha ullmhaithe nó réidh chun iad a stiúradh. Tá ról digiteála ag an bhfoireann TF – ach d’fhéadfaí ról níos mó a fhágáil faoina cúram i bpróiseas na cinnteoireachta faoi dhigiteáil an ghnó. B’fhéidir gur gá duit próifílí speisialtóra dhigitigh a earcú chun tacú le leibhéal digiteála níos airde. Go luath amach anseo d’fhéadfá cuimhneamh ar shamhlacha gnó a chur in úsáid a bheadh níos dírithe ar chúrsaí digiteacha agus níos déine ó thaobh sonraí de. D’fhéadfá cuimhneamh freisin ar thuilleadh táirgí agus/nó seirbhísí a thairiscint lena mbaineann feidhmiúlachtaí nó gnéithe digiteacha.
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith sách fada chun cinn maidir le straitéis ghnó agus infheistíochtaí le haghaidh na digiteála. Tugadh tús áite don digiteáil i do ghnólacht cheana féin. Tá infheistíocht déanta agat cheana féin i dteicneolaíochtaí digiteacha agus tá pleananna agat le haghaidh infheistíochtaí breise. Tá plean digiteála soiléir á leanúint agat agus tá na hacmhainní is gá leithdháilte agat (daoine agus buiséad) chun tacú leis an bplean sin – agus infheistíochtaí san áireamh atá pleanáilte i dteicneolaíochtaí digiteacha i gcaitheamh na mblianta atá le teacht.
Chuidigh na hinfheistíochtaí suntasacha sa digiteáil le feabhas a chur ar cháilíocht do sheirbhísí agus/nó do tháirgí cheana féin, chun gníomhaíochtaí tráchtála a éagsúlú agus a inmheánú, próisis inmheánacha/oibríochtaí a optamú agus costais a laghdú. Na hathruithe eagraíochtúla agus próisis a bhfuil gá leo chun tacú le digiteáil an fhiontair, tá bainisteoirí sinsearacha tiomanta chun iad a stiúradh a thuilleadh agus tá scileanna digiteacha leormhaithe ag an bhfoireann.
D’fhéadfá tuilleadh tairbhí a bhaint amach trí theicneolaíochtaí an‑speisialaithe a chur chun feidhme, cuir i gcás, an intleacht shaorga, anailísíocht sonraí ardleibhéil, samhlacha gnó atá dírithe ar chúrsaí digiteacha agus tuilleadh.
-
An Ullmhacht Dhigiteach
Bunúsach 0-25%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath maidir leis an ullmhacht dhigiteach (teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh). B’fhéidir go bhfuil líon beag teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha á úsáid agat cheana féin ach is ar bhonn fíortheoranta a chuirtear i bhfeidhm iad ó thaobh an ghnó de. Tá an‑chuid acmhainneachta ann nár fiosraíodh fós chun go méadóidh do ghnólacht an táirgiúlacht inmheánach agus go bhfreastalófaí níos fearr ar a custaiméirí le húsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha ‑ idir theicneolaíochtaí príomhshrutha agus theicneolaíochtaí ar leibhéal níos airde.
Rachadh sé chun tairbhe go mór do do ghnólacht dá gcuimhneofá ar roinnt teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun feidhme a d’fhéadfadh borradh a chur faoi do dhíolacháin (is é sin, ríomhthráchtáil, ríomh-mhargaíocht srl.), feabhas a chur ar an éifeachtúlacht ghnó (Córais Bainistíochta Faisnéise, ERP), feabhas a chur ar shástacht custaiméirí (uirlisí idirlín le haghaidh cumarsáide le custaiméirí), scileanna pearsanra a uasghrádú / sástacht agus coimeád an phearsanra a mhéadú (comhar gnó cianda (teilea-obair, foghlaim fhíorúil, srl.)].
*Tagraíonn teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha do na nithe seo a leanas: bonneagar na nascachta, suíomh gréasáin an ghnólachta, uirlisí gréasánbhunaithe chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí, comhráite beo/líonraí sóisialta/botaí comhrá chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí, ríomhthráchtáil (B2B, B2C), ríomh‑mhargaíocht (fógraí ar líne, meáin shóisialta le haghaidh gnó srl.), ríomhsheirbhísí rialtais, uirlisí comhair ghnó chianda (mar shampla, teilea-obair, físchomhdháil, foghlaim fhíorúil, srl.), Tairseach inlín, Córais Bainistíochta Faisnéise (ERP, CRM, SCM srl.).
*Tagraíonn ardteicneolaíochtaí digiteacha do na nithe seo a leanas (go táscach): Feidhmchláir intleachta saorga (IS), róbait, réaltacht fhíorúil/bhreisithe, feidhmchláir CAD, IoT, braiteoirí cliste, blocshlabhra, priontáil 3D srl.
Meánscór 26-50%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim luath maidir leis an ullmhacht dhigiteach (teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh). I do ghnólacht, tá teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha áirithe á n‑úsáid agat, ach níl siad uile á n‑úsáid agat. Cuirtear réitigh dhigiteacha in úsáid i roinnt réimsí gnó – sa riarachán agus sa bhainistíocht den chuid is mó. D’fhéadfá tuilleadh tairbhí a bhaint as teicneolaíochtaí speisialaithe nó ardteicneolaíochtaí digiteacha a chur chun feidhme.
Rachadh sé chun tairbhe go mór do do ghnólacht dá gcuimhneofá ar dhlús a chur le húsáid roinnt teicneolaíochtaí digiteacha a d’fhéadfadh borradh a chur faoi do dhíolacháin (is é sin, ríomhthráchtáil, ríomh‑mhargaíocht srl.), feabhas a chur ar an éifeachtúlacht ghnó (Córais Bainistíochta Faisnéise, ERP), feabhas a chur ar shástacht custaiméirí (uirlisí idirlín le haghaidh cumarsáide le custaiméirí), scileanna pearsanra a uasghrádú / sástacht agus coimeád an phearsanra a mhéadú (comhar gnó cianda (teilea-obair, foghlaim fhíorúil, srl.)].
*Tagraíonn teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha do na nithe seo a leanas: bonneagar na nascachta, suíomh gréasáin an ghnólachta, uirlisí gréasánbhunaithe chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí, comhráite beo/líonraí sóisialta/botaí comhrá chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí, ríomhthráchtáil (B2B, B2C), ríomh‑mhargaíocht (fógraí ar líne, meáin shóisialta le haghaidh gnó srl.), ríomhsheirbhísí rialtais, uirlisí comhair ghnó chianda (mar shampla, teilea-obair, físchomhdháil, foghlaim fhíorúil, srl.), Tairseach inlín, Córais Bainistíochta Faisnéise (ERP, CRM, SCM srl.).
*Tagraíonn ardteicneolaíochtaí digiteacha do na nithe seo a leanas (go táscach): Feidhmchláir intleachta saorga (IS), róbait, réaltacht fhíorúil/bhreisithe, feidhmchláir CAD, IoT, braiteoirí cliste, blocshlabhra, priontáil 3D srl.
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn maidir leis an ullmhacht dhigiteach (teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh). Maidir leis na tairbhí a d’fhéadfadh teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha a chur ar fáil, is rídhócha go mbaineann tú leas as na tairbhí sin cheana féin. Tá bonneagar nascachta láidir agat agus úsáideann tú teicneolaíochtaí agus feidhmchláir idirlín cheana féin, le haghaidh cumarsáide le custaiméirí agus/nó le haghaidh díolacháin agus margaíochta freisin. B’fhéidir nach mbeadh ard‑fheidhmchláir ghnó nó feidhmchláir chomhtháite ghnó curtha in úsáid go hiomlán agat, cuir i gcás, ERP, CRM agus SCM, ach is rídhócha go bhfuil tú ag cuimhneamh air sin a chur i bhfeidhm go luath.
Níor bhain tú leas fós as an acmhainneacht a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha níos speisialaithe nó ar leibhéal níos airde a d’fhéadfadh fíorbhuntáiste iomaíoch a sholáthar i do tháirgeadh/do dhíolacháin/do mhargaíocht/d’oibríocht seirbhíse do chustaiméirí. Is in oibríochtaí inmheánacha is mó a chuirtear réitigh dhigiteacha i bhfeidhm, cuir i gcás, riarachán agus bainistíocht agus i gcumarsáid le custaiméirí agus seirbhís dóibh. Tá tú ar an tslí chuig an gclaochlú digiteach cheana féin ach d’fhéadfá dlús a chur le tástáil agus le cur chun feidhme teicneolaíochtaí ar leibhéal níos airde chun an bhearna idir do ghnólacht féin agus gnólachtaí atá níos faide chun cinn ó thaobh cúrsaí digiteacha i d’earnáil, do réigiún agus lasmuigh de, a laghdú.
*Tagraíonn teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha do na nithe seo a leanas: bonneagar na nascachta, suíomh gréasáin an ghnólachta, uirlisí gréasánbhunaithe chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí, comhráite beo/líonraí sóisialta/botaí comhrá chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí, ríomhthráchtáil (B2B, B2C), ríomh‑mhargaíocht (fógraí ar líne, meáin shóisialta le haghaidh gnó srl.), ríomhsheirbhísí rialtais, uirlisí comhair ghnó chianda (mar shampla, teilea-obair, físchomhdháil, foghlaim fhíorúil, srl.), Tairseach inlín, Córais Bainistíochta Faisnéise (ERP, CRM, SCM srl.).
*Tagraíonn ardteicneolaíochtaí digiteacha do na nithe seo a leanas (go táscach): Feidhmchláir intleachta saorga (IS), róbait, réaltacht fhíorúil/bhreisithe, feidhmchláir CAD, IoT, braiteoirí cliste, blocshlabhra, priontáil 3D srl.
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith chun cinn go mór maidir leis an ullmhacht dhigiteach (teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh). Baineann tú tairbhe as formhór mór na dteicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha dá bhfuil ar fáil a úsáid i d’oibríochtaí inmheánacha agus seachtracha. Cuirtear réitigh dhigiteacha in úsáid i dtromlach na réimsí gnó – cuir i gcás riarachán agus bainistíocht, margaíocht, soláthar, lóistíocht, seirbhís do chustaiméirí srl. Baineann tú tairbhe as Córais chomhtháite Bainistíochta Faisnéise cuir i gcás ERP, CRM, SCM. B’fhéidir go bhfuil tú tar éis tosú ar thriail a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha ar leibhéal níos airde i réimsí gnó sonracha den ghnólacht, nó ar na teicneolaíochtaí sin a chur chun feidhme sna réimsí sin, agus tá an bealach chun tairbhe níos mó a bhaint astu sin á fhiosrú go gníomhach agat.
Tá tú sách fada chun cinn in úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha, agus tá an leibhéal ullmhachta is gá agat freisin chun tairbhí a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha speisialaithe agus as teicneolaíochtaí digiteacha ar leibhéal níos airde a chur chun feidhme. Sholáthróidís sin buntáiste iomaíoch ar leith duit i d’oibríochtaí agus thabharfaidís níos cóngaraí thú do na hiomaitheoirí ar an leibhéal is airde san Eoraip agus lasmuigh di.
*Tagraíonn teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha do na nithe seo a leanas: bonneagar na nascachta, suíomh gréasáin an ghnólachta, uirlisí gréasánbhunaithe chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí, comhráite beo/líonraí sóisialta/botaí comhrá chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí, ríomhthráchtáil (B2B, B2C), ríomh‑mhargaíocht (fógraí ar líne, meáin shóisialta le haghaidh gnó srl.), ríomhsheirbhísí rialtais, uirlisí comhair ghnó chianda (mar shampla, teilea-obair, físchomhdháil, foghlaim fhíorúil, srl.), Tairseach inlín, Córais Bainistíochta Faisnéise (ERP, CRM, SCM srl.).
*Tagraíonn ardteicneolaíochtaí digiteacha do na nithe seo a leanas (go táscach): Feidhmchláir intleachta saorga (IS), róbait, réaltacht fhíorúil/bhreisithe, feidhmchláir CAD, IoT, braiteoirí cliste, blocshlabhra, priontáil 3D srl.
-
An Digiteáil Dhuine‑lárnach
Bunúsach 0-25%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath maidir leis an digiteáil dhuine‑lárnach (forbairt scileanna le haghaidh na digiteála). Is ar leibhéal na bainistíochta agus/nó ar an leibhéal oibríochtúil ba cheart an acmhainneacht a bhainfeadh le feabhas a chur ar scileanna digiteacha na foirne a bheith níos soiléire. D’fhéadfadh do ghnólacht tosú air sin trí mheasúnú ar scileanna digiteacha a dhéanamh le haghaidh d’fhoirne, agus dhéanfaí plean oiliúna praiticiúil dá éis sin chun an fhoireann a athsciliú nó a uas‑sciliú. Ba cheart duit cuimhneamh ar níos mó oiliúna nó uirlisí foghlama ar líne a sholáthar don fhoireann chun scileanna digiteacha a fháil/a mhéadú. Faoi láthair, tá scileanna digiteacha na foirne bunúsach agus níl poist athdheartha le haghaidh na ré digití fós.
Sa raon sin, tá acmhainneacht ollmhór ann nach bhfuil leas á bhaint aisti chun litearthacht dhigiteach d’fhostaithe a mhéadú fiú agus gan ach infheistíochtaí teoranta i gceist ar dtús.
Meánscór 26-50%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim luath fós maidir leis an digiteáil dhuine‑lárnach (forbairt scileanna le haghaidh na digiteála). Is dócha go dtuigeann do lucht bainistíochta an tábhacht agus an acmhainneacht a bhaineann le hoiliúint a chur ar an bhfoireann i dteicneolaíochtaí digiteacha, agus go bhfuil bearta áirithe déanta acu sa treo sin. Mar an chéad chéim eile, d’fhéadfá plean oiliúna mionsonraithe a chur i bhfeidhm chun an fhoireann a athsciliú nó a uas‑sciliú. Tá ranganna teagaisc áirithe ar líne agus roghanna féinfhoghlama áirithe eile á dtairiscint chun scileanna digiteacha a fháil/a mhéadú – ach d’fhéadfá iad a shaincheapadh níos fearr de réir na rudaí sonracha atá ag teastáil uathu agus/nó a riachtanas oiliúna sonracha. D’fhéadfá an oiliúint a chomhcheangal le deiseanna chun triail a bhaint as nithe agus le neamhspleáchas chun cinntí a fhorghníomhú nó chun dul i mbun na nuála. Ba cheart duit deiseanna forbartha gairme a sholáthar d’fhostaithe a bhfuil scileanna digiteacha acu agus poist a athdhearadh go leormhaith le haghaidh na ré digití. Ba cheart scileanna digiteacha na foirne a bheith ag teacht le scileanna atá riachtanach chun feidhmeanna a bpost a nuachóiriú.
Tá an‑chuid acmhainneachta ann nár baineadh leas aisti chun go gcuirfidh do ghnólacht plean oiliúna ar bun bunaithe ar na pleananna digiteála atá beartaithe agat a dhéanamh go luath amach anseo. D’fhéadfá tairbhe a bhaint as deiseanna maoiniúcháin gaolmhara ó chláir dhifriúla freisin chun d’fhoireann a athsciliú agus a uas‑sciliú. Dá thoradh sin, is mó glacadh a bheadh ag an bhfoireann oilte le teicneolaíochtaí digiteacha nua a thabhairt isteach agus is mó tacaíocht a thabharfaidís d’athruithe a chruthódh eagla go gcaillfí poist ina mhalairt de chás. Ach na scileanna digiteacha a mhéadú, sholáthrófaí duit an timpeallacht ba ghá chun pearsanra TF ardoilte a fhostú agus conair ghairme a sholáthar dóibh.
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn maidir leis an digiteáil dhuine‑lárnach (forbairt scileanna le haghaidh na digiteála). Tá plean oiliúna curtha i bhfeidhm ag do ghnólacht cheana féin chun an fhoireann a athsciliú/a uas‑sciliú ach d’fhéadfá teicneolaíochtaí digiteacha ar leibhéal níos airde a chuimsiú a chuirfí chun feidhme go luath amach anseo. Tugtar tús áite don sciliú/uas‑sciliú i dteicneolaíochtaí digiteacha agus soláthraítear oiliúint i scileanna digiteacha d’fhostaithe – ach ba cheart duit í a shaincheapadh i gcónaí de réir na rudaí sonracha atá ag teastáil uathu agus a riachtanas oiliúna sonracha. D’fhéadfadh sé go bhfuil an gnólacht ar an eolas freisin faoi dheiseanna maoiniúcháin le haghaidh na hoiliúna chun scileanna digiteacha an phearsanra a fheabhsú agus d’fhéadfadh an gnólacht a bheith ag baint tairbhe as sin.
Tá an fhoireann sách oilte chun a bpost a dhéanamh trí mhodhanna digiteacha ach d’fhéadfá iad a spreagadh níos mó chun triail a bhaint as uirlisí nua chun cinntí a fhorghníomhú nó chun dul i mbun na nuála. Tá méid áirithe rannpháirteachais ag an bhfoireann i ndearadh agus i bhforbairt na digiteála táirgí/seirbhísí/próisis. Tá deiseanna forbartha gairme ar fáil d’fhostaithe a bhfuil scileanna digiteacha acu. Tá poist athdheartha le haghaidh na ré digití – agus timpeallachtaí oibre nuálacha/atá feabhsaithe go digiteach san áireamh, agus d’fhéadfadh tacaíocht seirbhíse tacaíochta digití a bheith acu. Tá scileanna digiteacha na foirne oiriúnach go substaintiúil d’fheidhmeanna a bpost.
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith chun cinn go mór maidir leis an digiteáil dhuine‑lárnach (forbairt scileanna le haghaidh na digiteála). Tá plean oiliúna cuimsitheach i bhfeidhm chun an fhoireann a athsciliú nó a uas‑sciliú agus táthar á fhorghníomhú go gníomhach nó tá monatóireacht ghníomhach á déanamh air. Déantar oiliúint chuimsitheach san ardteicneolaíocht nó i scileanna digiteacha a sholáthar go minic agus/nó go tráthrialta d’fhostaithe – saincheaptha i gcónaí de réir na rudaí sonracha atá ag teastáil uathu agus a riachtanas oiliúna sonracha. Is minic a chomhcheanglaítear an oiliúint le deiseanna chun triail a bhaint as nithe agus le neamhspleáchas chun cinntí a fhorghníomhú nó chun dul i mbun na nuála. Tá deiseanna forbartha gairme ar fáil d’fhostaithe a bhfuil scileanna digiteacha acu. Tá ról gníomhach ag an bhfoireann i straitéis an ghnólachta. Tá poist athdheartha le haghaidh na ré digití – agus timpeallachtaí oibre nuálacha/atá feabhsaithe go digiteach san áireamh – agus tacaíocht seirbhíse tacaíochta digití acu. Tá scileanna digiteacha na foirne ar ardleibhéal.
-
Bainistiú Sonraí
Bunúsach 0-25%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath maidir leis an mbainistiú sonraí (stóráil, eagrú, rochtain, saothrú agus slándáil sonraí). D’fhéadfá tosú trí bheartas/plean/tacar beart maidir le sonraí a chur i bhfeidhm agus aistriú na sonraí a stóráiltear ar pháipéar chuig sonraí a stóráiltear go digiteach a phleanáil. Faoi mar atá faoi láthair, ní dhéantar ach cúpla cineál doiciméad a dhigitiú, agus is beag sonraí a stóráiltear go digiteach. Bheadh plean slándála sonraí agus próiseas cibearshlándála riachtanach le haghaidh an aistrithe sin agus ní díreach uirlisí cibearshlándála ar an leibhéal bunúsach a úsáidtear faoi láthair.
Toisc go bhfuil do ghnólacht ag céim chomh luath sin, tá acmhainneacht ollmhór ann nach bhfuil leas á bhaint aisti chun dul chun cinn a dhéanamh i bpróiseas na digiteála tríd an mais chriticiúil de shonraí a chruthú a sholáthródh léargais le haghaidh réimsí difriúla na n‑oibríochtaí. Ba cheart é sin a dhéanamh in éineacht le bearta slándála sonraí ar leibhéal níos airde a chur chun feidhme chun a chinntiú go dtabharfar cosaint cheart do shonraí agus d’eolas tábhachtach.
Meánscór 26-50%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim luath maidir leis an mbainistiú sonraí (stóráil, eagrú, rochtain, saothrú agus slándáil sonraí). Ba cheart duit beartas/plean/tacar beart praiticiúil i leith an bhainistithe sonraí a leanúint go dlúth. Stóráiltear sonraí áirithe i bhfoirm struchtúr digiteach – le haghaidh próisis riaracháin/airgeadais go príomha. Mar sin féin, d’fhéadfaí feabhas a chur ar leibhéal na sonraí a mhalartaítear agus a chomhtháthaítear idir feidhmchláir dhifriúla. Ní shaothraítear sonraí go hiomlán le haghaidh oibríochtaí gnó agus ní threoraíonn siad an chinnteoireacht ar leibhéal a d’fhéadfadh difear a dhéanamh. Tá leibhéal measartha cosanta sonraí ann le huirlisí cibearshlándála príomhshrutha ach níl beartas cibearshlándála praiticiúil agus cuimsitheach ann.
Toisc go bhfuil do ghnólacht sa raon sin, tá acmhainneacht mhór ann nár fiosraíodh agus a d’fhéadfaí a shaothrú trí straitéis bainistithe sonraí cheart a chur i bhfeidhm, agus straitéis cibearshlándála san áireamh. Ach níos mó acmhainní a infheistiú, d’fhéadfá tairbhe a bhaint as formhór shonraí agus phróisis an ghnólachta a bheith i bhfoirm dhigiteach, agus iad comhtháite trí chórais idir‑inoibritheacha agus rochtain a fháil ar shonraí ó ghairis agus ó shuíomhanna difriúla. Bheifí in ann sonraí struchtúrtha a chur isteach i bhfeidhmchláir anailísíochta sonraí agus an fhaisnéis is gá a sholáthar do do ghnólacht chun cinntí tábhachtacha gnó a dhéanamh agus freastal níos fearr ar a chustaiméirí. Rachadh beartas cibearshlándála cuimsitheach chun tairbhe duit freisin in éineacht le bearta a thabharfadh cosaint don fhiontar agus do shonraí a chliaint ar chibearbhagairtí agus le pleananna teagmhais cearta.
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn maidir leis an mbainistiú sonraí (stóráil, eagrú, rochtain, saothrú agus slándáil sonraí). Tá beartas/plean/tacar beart praiticiúil i leith an bhainistithe sonraí curtha i bhfeidhm agat cheana féin chun do chuid sonraí a bhainistiú agus tairbhe a bhaint astu. Tá doiciméid agus próisis digitithe san iomaí feidhm agus réimse oibríochtúil den ghnó. Stóráiltear formhór na sonraí i bhfoirm struchtúr digiteach agus tá méid áirithe den chomhtháthú sonraí agus den idir‑inoibritheacht ann idir na córais dhifriúla TF. Measann tú go bhfuil an anailís sonraí tábhachtach le haghaidh oibríochtaí gnó agus na cinnteoireachta eolasaí, rud a chuidíonn le do chuid próiseas a optamú agus feabhas a chur ar an tseirbhís do chustaiméirí. Tá plean le haghaidh na cibearshlándála agat agus tá bearta sainaitheanta agat atá le déanamh i gcás cibearéigeandála. Tá foráil ann maidir le saoráidí cúltaca sonraí agus feasacht i measc an phearsanra ar thábhacht na cosanta in aghaidh cibearbhagairtí. Tá oiliúint agus imeachtaí feasachta ar fáil le haghaidh na foirne maidir le hábhar na cibearshlándála.
Toisc go bhfuil do ghnólacht sa raon sin, tá acmhainneacht mhór ann fós a d’fhéadfaí a scaoileadh le haghaidh do ghnólachta trí úsáid níos mó agus níos fearr a bhaint as sonraí. D’fhéadfá tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhtháthú sonraí agus ar an idir‑inoibritheacht idir córais a chumhdaíonn réimsí difriúla (táirgeadh, díolacháin, margaíocht, acmhainní daonna, seirbhís do chustaiméirí srl.) a chuideodh leat cinntí a dhéanamh ar leibhéal níos straitéisí. D’fhéadfá do chuid sonraí a dhéanamh inrochtana i bhfíor‑am ar ghairis agus i suíomhanna difriúla agus le haghaidh d’fhoirne féin freisin (mar shampla an teilea‑obair). Nuair a bheidh do chumais bainistithe sonraí á n‑uasghrádú agat, ba cheart duit beartais láidre maidir le slándáil sonraí agus pleananna láidre teagmhais agus leanúnachais gnó a chur chun feidhme i gcás cibearbhagairtí tromchúiseacha.
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith chun cinn go mór maidir leis an mbainistiú sonraí (stóráil, eagrú, rochtain, saothrú agus slándáil sonraí). Tá doiciméid agus próisis digitithe sna feidhmeanna agus réimsí uile den ghnó, nó ina bhformhór – agus próisis riaracháin/airgeadais, caidreamh le custaiméirí, próisis a bhaineann le táirgeadh nó seirbhísí agus lóistíocht san áireamh. Stóráiltear na sonraí uile i bhfoirm struchtúr digiteach. Tá bailiú agus úsáid sonraí ríthábhachtach don eagraíocht. Bailítear agus úsáidtear formhór mór shonraí an ghnólachta le haghaidh na bpríomhphróiseas/na bpríomhoibríochtaí uile.
Déanann sonraí formhór na cinnteoireachta a threorú agus formhór na bpróiseas a optamú. Cuireadh réitigh/caighdeáin chun feidhme chun malartú sonraí a éascú. Tá pleananna cibearshlándála ann agus cuirtear beartais agus bearta sonracha chun feidhme chun sonraí an ghnólachta a chosaint ar chibearbhagairtí. Tá plean ann a chumhdaíonn na sonraí inmheánacha uile agus sonraí na gcustaiméirí agus tá beartais chúltaca iomlána i bhfeidhm. Tá ardleibhéal feasachta ag an bhfoireann ar chibearbhagairtí agus coinnítear ar bun í tríd an oiliúint. Tá plean leanúnachais gnó i bhfeidhm i gcás teagmhas turraingeach mar gheall ar chibirionsaí.
-
An tUathoibriú & Faisnéis
Bunúsach 0-25%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑ard maidir leis an uathoibriú agus leis an bhfaisnéis (arna n‑éascú le modhanna digiteacha atá leabaithe i bpróiseas gnó). Níl aon tasc uathoibrithe fós. Níor thacaigh an intleacht shaorga ná an t‑uathoibriú le haon ghníomhaíocht ghnó, tráchtála ná oibríochtúil.
Meánscór 26-50%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim luath maidir leis an uathoibriú agus leis an bhfaisnéis (arna n‑éascú le modhanna digiteacha atá leabaithe i bpróiseas gnó).
D’fhéadfadh sé go n‑úsáidtear an t‑uathoibriú trí mhodhanna digiteacha go páirteach agus ar bhealach ad hoc i dtascanna áirithe – próisis riaracháin go hiondúil. Níor thacaigh an intleacht shaorga ná an t‑uathoibriú le haon ghníomhaíocht tráchtála ná oibríochtúil. Níor tháinig aon mhéadú intomhaiste ar an táirgiúlacht fós de thoradh IS agus an t‑uathoibriú a ghlacadh.
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn maidir leis an uathoibriú agus leis an bhfaisnéis (arna n‑éascú le modhanna digiteacha atá leabaithe i bpróiseas gnó).
D’fhéadfadh sé go bhfuil tascanna áirithe uathoibrithe go páirteach agus tacaíocht pháirteach ó IS acu – próisis riaracháin agus airgeadais go hiondúil. D’fhéadfadh sé gur thacaigh glacadh na hintleachta saorga agus an uathoibrithe le gníomhaíochtaí tráchtála ach níor cuireadh i bhfeidhm iad chun cáilíocht na dtáirgí agus na seirbhísí a fheabhsú. Tháinig méaduithe intomhaiste áirithe ar an táirgiúlacht de thoradh IS agus an t‑uathoibriú a ghlacadh.
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith sách fada chun cinn maidir leis an uathoibriú agus leis an bhfaisnéis (arna n‑éascú le modhanna digiteacha atá leabaithe i bpróiseas gnó).
Tá tascanna áirithe uathoibrithe go hiomlán agus tacaíocht iomlán ó IS acu – próisis riaracháin agus airgeadais go hiondúil. D’fhéadfadh sé gur thacaigh glacadh na hintleachta saorga agus an uathoibrithe le gníomhaíochtaí tráchtálaithe agus b’fhéidir gur cuireadh i bhfeidhm iad chun cáilíocht na dtáirgí agus na seirbhísí a fheabhsú. D’fhéadfadh sé go bhfuarthas méaduithe intomhaiste áirithe ar an táirgiúlacht de thoradh IS agus an t‑uathoibriú a ghlacadh.
Má scóráil tú i dteorainn uachtarach an raoin, is rídhócha gur bhain tú tairbhe cheana féin as IS agus as cineálacha eile uathoibrithe a ghlacadh ar leibhéal gnólachta, agus méaduithe suntasacha á bhfáil ar an táirgiúlacht agus ar an éifeachtúlacht, mar aon le laghduithe ar dhiomailt agus ar chostais.
-
An Digiteáil Ghlas
Bunúsach 0-25%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath maidir leis an digiteáil ghlas*. Ba cheart do do ghnólacht cuimhneamh ar ghnéithe comhshaoil i roghanna digiteála. D’fhéadfá tairbhe a bhaint as úsáid na teicneolaíochta digití le haghaidh oibríochtaí gnó inbhuanaithe (cuir i gcás samhail ghnó, soláthar seirbhíse, táirgeadh agus monaraíocht, srl.). D’fhéadfadh teicneolaíochtaí digiteacha tacú leat laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar thruailliú agus dramhaíl a bhainistiú. D’fhéadfadh teicneolaíochtaí digiteacha tacú leat úsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as amhábhair agus leis na táirgí a sheachadadh chuig custaiméirí. D’fhéadfaí réitigh dhigiteacha a úsáid chun tionchar na heagraíochta ar an gcomhshaol a laghdú. D’fhéadfadh ábhair/táirgí a úsáideann an gnólacht a bheith inrianaithe. D’fhéadfaí fuinneamh a fhoinsiú ó fhoinsí inbhuanaithe lasmuigh den láthair nó ar an láthair. D’fhéadfaí próisis gan pháipéar a dhéanamh de phróisis riaracháin. Ba cheart tionchair chomhshaoil i roghanna agus i gcleachtais dhigiteacha (trealamh TF) a chur san áireamh níos mó.
*Tagraíonn an digiteáil ghlas don chumas atá ag fiontar tabhairt faoin digiteáil de réir cur chuige fadtéarmach ina nglactar freagracht as cosaint agus as inbhuanaitheacht na n‑acmhainní nádúrtha agus an chomhshaoil agus ina ndéantar cúram díobh (agus buntáiste iomaíoch a dhéanamh de sa deireadh).
Meánscór 26-50%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim luath maidir leis an digiteáil ghlas*. Meastar gnéithe comhshaoil i roghanna digiteála uaireanta. D’fhéadfadh sé go bhfuil teicneolaíochtaí digiteacha tar éis tosú ar a bheith ag cur le hoibríochtaí gnó inbhuanaithe (cuir i gcás samhail ghnó, soláthar seirbhíse, táirgeadh agus déantúsaíocht, srl.). Mar sin féin, d’fhéadfadh teicneolaíochtaí digiteacha tacaíocht shubstaintiúil a thabhairt chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar thruailliú agus an dramhaíl a bhainistiú, nó tacú go gníomhach le húsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as amhábhair agus leis na táirgí a sheachadadh chuig custaiméirí. Is rídhócha nach n‑úsáidtear réitigh dhigiteacha go gníomhach chun tionchar an ghnólachta ar an gcomhshaol a laghdú. D’fhéadfadh ábhair/táirgí a úsáideann an gnólacht a bheith inrianaithe. D’fhéadfaí fuinneamh a fhoinsiú ó fhoinsí inbhuanaithe lasmuigh den láthair nó ar an láthair. Próisis gan pháipéar atá i gceist le próisis riaracháin áirithe ach ní hamhlaidh sin i gcás na bpróiseas uile. D’fhéadfaí tionchair chomhshaoil a chur san áireamh níos mó i roghanna agus i gcleachtais dhigiteacha.
*Tagraíonn an digiteáil ghlas don chumas atá ag fiontar tabhairt faoin digiteáil de réir cur chuige fadtéarmach ina nglactar freagracht as cosaint agus as inbhuanaitheacht na n‑acmhainní nádúrtha agus an chomhshaoil agus ina ndéantar cúram díobh (agus buntáiste iomaíoch a dhéanamh de sa deireadh).
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn maidir leis an digiteáil ghlas*. Meastar gnéithe comhshaoil i mórán roghanna digiteála. D’fhéadfadh sé go gcuireann teicneolaíochtaí digiteacha le hoibríochtaí gnó inbhuanaithe go pointe áirithe cheana féin (cuir i gcás samhail ghnó, soláthar seirbhíse, táirgeadh agus déantúsaíocht nó seachadadh seirbhíse srl.). D’fhéadfadh teicneolaíochtaí digiteacha tacaíocht níos substaintiúla a thabhairt chun laghdú ginearálta a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar thruailliú nó leis an dramhaíl a bhainistiú. D’fhéadfadh teicneolaíochtaí digiteacha tacaíocht níos substaintiúla a thabhairt chun úsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as amhábhair ach d’fhéadfaidís a bheith ag tacú leis na táirgí a sheachadadh chuig custaiméirí cheana féin. D’fhéadfadh réitigh dhigiteacha cuidiú níos mó le tionchar na heagraíochta ar an gcomhshaol a laghdú. D’fhéadfadh na hábhair/táirgí a úsáideann an eagraíocht a bheith níos inrianaithe. D’fhéadfaí fuinneamh a fhoinsiú ó fhoinsí inbhuanaithe lasmuigh den láthair nó ar an láthair. Próisis gan pháipéar atá i gceist le formhór na bpróiseas riaracháin. Cuirtear tionchair chomhshaoil san áireamh go mór i roghanna agus i gcleachtais dhigiteacha.
*Tagraíonn an digiteáil ghlas don chumas atá ag fiontar tabhairt faoin digiteáil de réir cur chuige fadtéarmach ina nglactar freagracht as cosaint agus as inbhuanaitheacht na n‑acmhainní nádúrtha agus an chomhshaoil agus ina ndéantar cúram díobh (agus buntáiste iomaíoch a dhéanamh de sa deireadh).
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le gnólachtaí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith sách fada chun cinn maidir leis an digiteáil ghlas.* Meastar gnéithe comhshaoil i dtromlach na roghanna digiteála – agus soláthar, ídiú fuinnimh agus athúsáid san áireamh. Cuireann teicneolaíochtaí digiteacha le hoibríochtaí gnó inbhuanaithe cheana féin (cuir i gcás samhlacha gnó a glacadh, saolré táirgí, dearadh táirgí agus próisis táirgthe nó seachadadh seirbhíse). Is rídhócha go dtacaíonn teicneolaíochtaí digiteacha le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar thruailliú agus leis an dramhaíl a bhainistiú. Is rídhócha go dtacaíonn teicneolaíochtaí digiteacha le húsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as amhábhair agus leis na táirgí a sheachadadh chuig custaiméirí. Úsáidtear réitigh dhigiteacha chun laghdú substaintiúil a dhéanamh ar thionchar na heagraíochta ar an gcomhshaol (dramhaíl a laghdú agus feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh san áireamh). Tá ábhair/táirgí a úsáideann an gnólacht iontach inrianaithe fiú i bhfíor‑am. Déantar formhór an fhuinnimh a fhoinsiú ó fhoinsí inbhuanaithe lasmuigh den láthair nó ar an láthair. Próisis gan pháipéar atá i gceist leis na próisis riaracháin uile. Cuirtear tionchair chomhshaoil san áireamh i gcónaí i roghanna agus i gcleachtais dhigiteacha.
*Tagraíonn an digiteáil ghlas don chumas atá ag fiontar tabhairt faoin digiteáil de réir cur chuige fadtéarmach ina nglactar freagracht as cosaint agus as inbhuanaitheacht na n‑acmhainní nádúrtha agus an chomhshaoil agus ina ndéantar cúram díobh (agus buntáiste iomaíoch a dhéanamh de sa deireadh).
PSOnna
Anailís Ghinearálta ar an Scór
Bunúsach 0-25%
Go raibh maith agat as ucht do chuid ama agus dúthrachta chun ceistneoir DMA le haghaidh PSOnna a líonadh isteach!
Taispeánann do mheánscór go bhfuil d’eagraíocht ag tús phróiseas a claochlaithe dhigitigh agus gur deimhin go bhféadfadh an eagraíocht tairbhí suntasacha a bhaint fiú as infheistíochtaí teoranta i dteicneolaíochtaí agus i scileanna digiteacha chun feabhas a chur ar oibríochtaí agus ar sholáthar na seirbhísí poiblí. Tá do chuid infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha fós ar an leibhéal íochtarach agus is tascanna riaracháin is mó a chumhdaítear leo. B’fhéidir gurb é seo an tráth ceart do d’eagraíocht chun acmhainní a phleanáil agus a ghealladh le haghaidh réitigh ar leibhéal níos airde. Tá teicneolaíochtaí príomhshrutha áirithe á n‑úsáid agat le haghaidh d’oibríochtaí laethúla ach is mó tairbhe a d’fhéadfá a bhaint as na deiseanna atá á dtairiscint le teicneolaíochtaí atá tagtha chun cinn le déanaí agus atá bunaithe ar an idirlíon (seirbhísí poiblí digiteacha, ríomhsholáthar, srl.) agus as teicneolaíochtaí eile ar leibhéal níos airde (is é sin, an intleacht shaorga).
D’fhéadfá tús áite a thabhairt freisin d’oiliúint a chur ar an bpearsanra, oibrithe gairmiúla speisialaithe TF a fhostú agus d’fhoireann a thabhairt isteach agus a ullmhú go gníomhach chun réitigh dhigiteacha a ghlacadh a d’fhéadfadh an bealach a dhéantar tascanna faoi láthair a athrú. Is iomaí tairbhe a bhainfeá as straitéis sonraí iomlánaíoch a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus slándáil sonraí san áireamh, rud a sholáthródh duit inniúlachtaí anailísíochta sonraí méadaithe agus a thacódh leis an gcinnteoireacht. D’fhéadfaí teicneolaíochtaí TFC a ghlacadh freisin chun cuidiú le d’eagraíocht a bheith níos idir‑inoibrithí. Bheadh d’eagraíocht níos inbhuanaithe ina hoibríochtaí freisin (an lorg comhshaoil a laghdú) agus d’fhéadfá tús áite a thabhairt do tháirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol nuair atá táirgí digiteacha á roghnú agat (trealamh TF).
I do chás féin, tá acmhainneacht ollmhór ann nach bhfuil leas á bhaint aisti. D’fhéadfaí borradh a chur faoi éifeachtúlacht d’eagraíochta agus faoi cháilíocht na seirbhísí a sholáthraíonn tú do shaoránaigh/do ghnólachtaí láithreach ach triail a bhaint as níos mó teicneolaíochtaí digiteacha agus iad a ghlacadh.
Ríomhtar an scór sin mar mheánscór de na scóir a fuair tú ar feadh 6 ghné an cheistneora DMA a chuir tú isteach: i) Straitéis Ghnó Dhigitigh & Infheistíochtaí ii) an Ullmhacht Dhigiteach iii) an Digiteáil Dhuine-lárnach iv) Bainistiú & Slándáil Sonraí v) Idir-inoibritheacht agus vi) an Digiteáil Ghlas. Spreagaimid thú chun léirmhíniú na scór ó gach ceann de na 6 ghné a léamh, maille lena mbarúlacha agus moltaí ábhartha maidir leis an stádas atá agat faoi láthair i ngach ceann de na gnéithe sin agus leis an acmhainneacht nár fiosraíodh fós agus ar a bhféadfá aghaidh a thabhairt le cuidiú ón Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach.
Meánscór 26-50%
Go raibh maith agat as ucht do chuid ama agus dúthrachta chun ceistneoir DMA le haghaidh PSOnna a líonadh isteach!
Taispeánann do mheánscór go bhfuil meánleibhéal aibíochta digití bainte amach ag d’eagraíocht cheana féin, ach tá feabhsuithe ann fós a d’fhéadfá a dhéanamh. D’fhéadfá tairbhí suntasacha a bhaint as infheistíochtaí breise i dteicneolaíochtaí agus i scileanna digiteacha chun feabhas a chur ar oibríochtaí agus ar do sheirbhísí do shaoránaigh/ghnólachtaí. Leis na hinfheistíochtaí atá déanta i dteicneolaíochtaí digiteacha agat faoi láthair, cumhdaítear réimse de na croí‑oibríochtaí inmheánacha agat ach d’fhéadfá níos mó ullmhúcháin a dhéanamh (i dtéarmaí pleananna agus acmhainní) chun freastal ar réitigh ar leibhéal níos airde. Tá roinnt teicneolaíochtaí príomhshrutha á n‑úsáid agat le haghaidh d’oibríochtaí ach is mó tairbhe a d’fhéadfá a bhaint as teicneolaíochtaí ar leibhéal níos airde a ghlacadh (Córais Bainistíochta Faisnéise, ERP, seirbhísí poiblí digiteacha, an ríomhsholáthar srl.) agus as teicneolaíochtaí níos bunathraithí (is é sin, an intleacht shaorga).
Tá meánleibhéal scileanna digiteacha ag do phearsanra, ach chun dul chun cinn a dhéanamh i do chlaochlú digiteach, bheadh ort oiliúint a chur ar phearsanra ar bhealach a bheadh pleanáilte agus curtha i bhfeidhm go maith, agus bheadh oibrithe gairmiúla speisialaithe TF ag teastáil chun tacú leat. Ba cheart an spreagadh is gá a thabhairt don bhainistíocht agus don fhoireann chun dul i mbun ghlacadh na réiteach digiteach nua go hiomlán agus chun tacú leo leis sin, gan eagla a bheith orthu roimh na hathruithe a thiocfadh in éineacht leis. D’fhéadfadh sé go bhfuil mórán eolais agat i bhfoirm dhigiteach cheana féin ach d’fhéadfá díriú ar straitéis sonraí chuimsitheach, agus slándáil sonraí san áireamh, rud a sholáthródh duit inniúlachtaí anailísíochta sonraí méadaithe agus a thacódh leis an gcinnteoireacht ardleibhéil. D’fhéadfaí níos mó teicneolaíochtaí TFC a ghlacadh chun cuidiú le d’eagraíocht a bheith níos inbhuanaithe ina hoibríochtaí (an lorg comhshaoil a laghdú) agus d’fhéadfá tús áite a thabhairt do tháirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus táirgí digiteacha á roghnú agat (trealamh TF).
D’fhéadfaí d’eagraíocht a thabhairt níos cóngaraí d’eagraíochtaí atá níos aibí ó thaobh cúrsaí digiteacha de ach feabhas a chur ar aibíocht dhigiteach d’eagraíochta, agus d’fhéadfadh sé sin an éifeachtúlacht a mhéadú mar aon le sástacht na saoránach/na ngnólachtaí lena n‑idirghníomhaíonn tú ar bhonn laethúil.
Ríomhtar an scór sin mar mheánscór de na scóir a fuair tú ar feadh 6 ghné an cheistneora DMA a chuir tú isteach: i) Straitéis Dhigiteach & Infheistíochtaí ii) an Ullmhacht Dhigiteach iii) an Digiteáil Dhuine-lárnach iv) Bainistiú & Slándáil Sonraí v) Idir-inoibritheacht agus vi) an Digiteáil Ghlas. Spreagaimid thú chun léirmhíniú na scór ó gach ceann de na 6 ghné a léamh, maille lena mbarúlacha agus moltaí ábhartha maidir leis an stádas atá agat faoi láthair i ngach ceann de na gnéithe sin agus leis an acmhainneacht nár fiosraíodh fós agus ar a bhféadfá aghaidh a thabhairt le cuidiú ón Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach.
Measartha maith chun cinn 50-75%
Go raibh maith agat as ucht do chuid ama agus dúthrachta chun ceistneoir DMA le haghaidh PSOnna a líonadh isteach!
Léiríonn do mheánscór go bhfuil próiseas claochlaithe dhigitigh d’eagraíochta measartha maith chun cinn cheana féin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil d’eagraíocht ag baint tairbhí cheana féin as úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha, idir theicneolaíochtaí príomhshrutha agus ardteicneolaíochtaí áirithe (go pointe níos ísle). Cé go bhfuil tú ar an tslí i dtreo an chlaochlaithe dhigitigh cheana féin, d’fhéadfá tuilleadh feabhais a chur ar oibríochtaí inmheánacha/seachtracha, ar an teacht aniar, agus ar an inbhuanaitheacht trí infheistíochtaí níos spriocdhírithe i dteicneolaíochtaí agus i scileanna digiteacha. Leis na hinfheistíochtaí atá déanta i dteicneolaíochtaí digiteacha agat faoi láthair, cumhdaítear réimse leathan de d’oibríochtaí ach tá spás fós ann chun do leibhéal ullmhachta a mhéadú (i dtéarmaí pleananna agus acmhainní) chun freastal ar réitigh níos sofaisticiúla. Tá formhór na dteicneolaíochtaí príomhshrutha dá bhfuil ar fáil á n‑úsáid agat faoi láthair le haghaidh d’oibríochtaí ach tá an‑chuid acmhainneachta fós ann nár baineadh leas aisti fós trí theicneolaíochtaí ar leibhéal níos airde a ghlacadh agus teicneolaíochtaí níos bunathraithí san áireamh (is é sin, an intleacht shaorga).
Tá leibhéal méadaithe scileanna digiteacha ag do phearsanra, ach chun dul chun cinn a dhéanamh i do chlaochlú digiteach, is gá clár oiliúna pearsanra atá pleanáilte agus curtha i bhfeidhm go maith a bheith agat, agus ní mór oibrithe gairmiúla speisialaithe TF a bheith ann chun tacú leat. Ba cheart leanúint den spreagadh is gá a thabhairt do gach leibhéal bainistíochta agus foirne chun dul i mbun ghlacadh na réiteach digiteach atá ar leibhéal níos airde, ar bhealach iomlán, agus chun tacú leo leis sin, gan eagla orthu roimh na hathruithe a thiocfadh in éineacht leis. Tá d’acmhainneachtaí bainistithe sonraí agus slándála sonraí ar ardleibhéal agus tá leibhéal idir‑inoibritheachta áirithe sroichte agat, ach is mó tairbhe a d’fhéadfá a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha lena dtabharfaí duit an fhaisnéis agus an comhtháthú a theastaíonn uait chun seirbhísí den chéad scoth a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. D’fhéadfaí tuilleadh teicneolaíochtaí TFC a bheith ina gcuidiú freisin chun go mbeidh d’eagraíocht níos inbhuanaithe ina hoibríochtaí (an lorg comhshaoil a laghdú) agus d’fhéadfá tús áite a thabhairt fós do roghnú agus d’úsáid na dtáirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (trealamh TF).
Thabharfadh infheistíochtaí nua sa digiteáil aibíocht dhigiteach d’eagraíochta aníos chuig leibhéal nua níos airde agus mhéadódh sé sin sástacht na saoránach/na ngnólachtaí lena n‑idirghníomhaíonn tú ar bhonn laethúil.
Ríomhtar an scór sin mar mheánscór de na scóir a fuair tú ar feadh 6 ghné an cheistneora DMA a chuir tú isteach: i) Straitéis Dhigiteach & Infheistíochtaí ii) an Ullmhacht Dhigiteach iii) an Digiteáil Dhuine-lárnach iv) Bainistiú & Slándáil Sonraí v) Idir-inoibritheacht agus vi) an Digiteáil Ghlas. Spreagaimid thú chun léirmhíniú na scór ó gach ceann de na 6 ghné a léamh, maille lena mbarúlacha agus moltaí ábhartha maidir leis an stádas atá agat faoi láthair i ngach ceann de na gnéithe sin agus leis an acmhainneacht nár fiosraíodh fós agus ar a bhféadfá aghaidh a thabhairt le cuidiú ón Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach.
Ardleibhéal 76-100%
Go raibh maith agat as ucht do chuid ama agus dúthrachta chun ceistneoir DMA le haghaidh PSOnna a líonadh isteach!
Léiríonn do mheánscór go bhfuil próiseas claochlaithe dhigitigh d’eagraíochta sách fada chun cinn cheana féin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tú chun tosaigh cheana féin agus go raibh d’eagraíocht ag baint na dtairbhí as úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha ar feadh tamall áirithe. Tá úsáid á baint agat as teicneolaíochtaí príomhshrutha agus as teicneolaíochtaí atá ar leibhéal níos airde chomh maith le haghaidh na ngnéithe difriúla de d’oibríochtaí anois. Tá na saoránaigh agus na gnólachtaí a idirghníomhaíonn leat ar bhonn laethúil ag baint tairbhe as seirbhísí digiteacha idir‑inoibritheacha, tapúla, maithe agus cuirtear formhór na bpróiseas i gcrích ar líne. Cé go bhfuil tú chun cinn cheana féin d’fhéadfá tuilleadh feabhais a chur ar réimsí cuir i gcás an inbhuanaitheacht agus an éifeachtúlacht, agus triail á bhaint agat as teicneolaíochtaí digiteacha níos nuaí agus níos bunathraithí agus iad á gcur chun feidhme agat.
Bheadh infheistíochtaí nua agus níos spriocdhírithe sa digiteáil ardleibhéil ina gcuidiú leat an aibíocht dhigiteach a bhaint amach atá i gceist le heagraíocht phoiblí an‑nua‑aimseartha.
Ríomhtar an scór sin mar mheánscór de na scóir a fuair tú ar feadh 6 ghné an cheistneora DMA a chuir tú isteach: i) Straitéis Dhigiteach & Infheistíochtaí ii) an Ullmhacht Dhigiteach iii) an Digiteáil Dhuine-lárnach iv) Bainistiú & Slándáil Sonraí v) Idir-inoibritheacht agus vi) an Digiteáil Ghlas. Spreagaimid thú chun léirmhíniú na scór ó gach ceann de na 6 ghné a léamh, maille lena mbarúlacha agus moltaí ábhartha maidir leis an stádas atá agat faoi láthair i ngach ceann de na gnéithe sin agus leis an acmhainneacht nár fiosraíodh fós agus ar a bhféadfá aghaidh a thabhairt le cuidiú ón Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach.
Anailís Scóir in aghaidh na gné
-
Straitéis Dhigiteach & Infheistíochtaí
Bunúsach 0-25%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath maidir le straitéis dhigiteach agus infheistíochtaí le haghaidh na digiteála. Ciallaíonn sé sin go bhfuil deis shuntasach ann chun feabhsuithe a dhéanamh.
Chun feabhas a chur ar an leibhéal digiteála, d’fhéadfá tosú trí phlean soiléir a shainiú agus na hacmhainní airgeadais chun tacú leis a shainaithint. Is maith mar chéad chéim na hinfheistíochtaí tosaigh i dteicneolaíochtaí digiteacha chun d’eagraíocht a nuachóiriú go páirteach. D’fhéadfá tuilleadh tairbhe a bhaint as páirteanna tábhachtacha de d’oibríochtaí a uathoibriú, cuir i gcás, próisis inmheánacha/sheachtracha, seirbhísí poiblí digiteacha, airgeadas/acmhainní daonna srl. D’fhéadfá buntáistí a fháil freisin trí theicneolaíochtaí digiteacha ar leibhéal níos airde a úsáid i réimsí cuir i gcás ríomhsholáthar, slándáil ardleibhéil agus inbhuanaitheacht.
I dtéarmaí na pleanála straitéisí, d’fhéadfadh sé go bhfuil deiseanna áirithe sainaitheanta agat ach is iomaí deis digiteála eile atá ann a d’fhéadfadh a bheith le leas cuspóirí d’eagraíochta. Ba ghá duit buiséad a leithdháileadh chun feabhas a chur ar do bhonneagar TF agus chun gealltanas ó lucht polaitíochta agus bainistíochta a chinntiú chun go mbainfear tairbhe iomlán astu. D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach freisin foireann TF níos láidre a earcú le haghaidh na n‑athruithe eagraíochtúla agus próisis a bhfuil gá leo chun d’eagraíocht a dhigiteáil.
Meánscór 26-50%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath fós maidir le straitéis dhigiteach agus infheistíochtaí le haghaidh na digiteála. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an‑chuid acmhainneachta ann chun feabhsuithe a dhéanamh. Tá plean digiteála tosaigh i bhfeidhm agat agus tá do cheannairí polaitiúla agus/nó do bhainistíocht shinsearach gabhálach ina leith ach tá gá le tuilleadh gealltanais ar mhaithe leis an digiteáil mhéadaithe chun na tairbhí a bhaineann le heagraíocht dhigiteach a bhaint amach.
D’fhéadfadh sé go ndearna tú méid áirithe infheistíochta i dteicneolaíochtaí digiteacha i roinnt réimsí oibríochtúla chun d’eagraíocht a nuachóiriú in oibríochtaí inmheánacha agus seachtracha, seirbhísí poiblí digiteacha, airgeadas/riarachán/acmhainní daonna srl. D’fhéadfá tairbhe níos mó fós a bhaint as teicneolaíochtaí a thabhairt isteach a chuideodh leat a bheith níos éifeachtúla mar shampla sa soláthar agus sa cheannach poiblí, pleanáil agus forghníomhú tionscadail agus sna céimeanna difriúla de shaolré an cheaptha beartais. Tá bonneagar TF áirithe agat chun tacú le meánleibhéal digiteála agus tá pearsanra oilte TF agat, cé gur teoranta méid an phearsanra sin.
Mar sin féin, d’fhéadfá tábhacht straitéiseach na digiteála a ardú le haghaidh d’eagraíochta. Ba ghá duit buiséad níos mó a leithdháileadh chun feabhas a chur ar do bhonneagar TF agus chun gealltanas na bainistíochta agus na foirne a chinntiú chun go mbainfear tairbhe iomlán astu. D’fhéadfadh gá a bheith ann freisin tuilleadh foirne TF agus próifílí speisialtóra dhigitigh a earcú le haghaidh na n‑athruithe eagraíochtúla agus próisis a bhfuil gá leo chun d’fhiontar a dhigiteáil.
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn a mhéid a bhaineann le straitéis dhigiteach agus infheistíochtaí le haghaidh na digiteála. Tá tú ar an eolas faoi na tairbhí praiticiúla a d’fhéadfadh d’eagraíocht a bhaint as an digiteáil agus as r‑sheirbhísí rialtais, agus rinne tú méid áirithe infheistíochta i dteicneolaíochtaí digiteacha agus tá sé i gceist agat tuilleadh infheistíochta a dhéanamh. Tá plean digiteála i bhfeidhm agat agus tá acmhainní leithdháilte agat chun tacú leis.
Rinneadh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha in imeacht na mblianta nó tá infheistíochtaí beartaithe le haghaidh fhormhór na réimsí oibríochtúla cuir i gcás oibríochtaí inmheánacha/seachtracha, seirbhísí poiblí digiteacha a sholáthar, airgeadas/acmhainní daonna/ceannach agus próisis atá nasctha le ceapadh beartais. Mar sin féin, d’fhéadfá feabhas ollmhór a chur ar éifeachtúlacht fhoriomlán d’eagraíochta tríd an digiteáil. D’fhéadfá tuilleadh feabhais a chur ar cháilíocht do sheirbhísí do shaoránaigh/ghnólachtaí tríd an digiteáil. Is gá do phlean digiteála a chur chun feidhme go daingean agus plean praiticiúil a dhéanamh le haghaidh infheistíochtaí atá beartaithe tráth éigin go luath amach anseo. Na hathruithe eagraíochtúla agus próisis a bhfuil gá leo chun tacú leis an digiteáil, tá ceannairí polaitiúla agus bainisteoirí sinsearacha measartha ullmhaithe nó réidh chun iad a stiúradh. D’fhéadfadh ról níos mó a bheith ag an bhfoireann TF sa chinnteoireacht digiteála. Bheadh sé ina chuidiú duit próifílí speisialtóra dhigitigh a earcú chun tacú le leibhéal digiteála níos airde. Go luath amach anseo d’fhéadfá cuimhneamh ar cheapadh beartais a chur in úsáid a bheadh níos dírithe ar chúrsaí digiteacha agus níos déine ó thaobh sonraí de.
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith sách fada chun cinn maidir le straitéis dhigiteach agus infheistíochtaí le haghaidh na digiteála. Tugadh tús áite don digiteáil le haghaidh d’eagraíochta cheana féin agus is maith is eol duit na tairbhí praiticiúla a d’fhéadfadh d’eagraíocht a bhaint aisti. Tá infheistíocht déanta agat cheana féin i dteicneolaíochtaí digiteacha agus tá pleananna agat le haghaidh infheistíochtaí breise. Tá plean digiteála soiléir á leanúint agat agus tá na hacmhainní is gá leithdháilte agat (daoine agus buiséad) chun tacú leis an bplean sin. Oibríonn d’eagraíocht mar eagraíocht riaracháin dhigitigh cheana féin ach tá réimsí fós ann a bhféadfaí feabhas a chur orthu.
Na hinfheistíochtaí suntasacha sa digiteáil, chuir siad le claochlú d’eagraíochta cheana féin chun riarachán poiblí nua‑aimseartha a dhéanamh di. Baineann saoránaigh agus gnólachtaí a idirghníomhaíonn le d’eagraíocht tairbhe as na saoráidí ríomh‑rialtais a thairgeann tú. Na hathruithe eagraíochtúla agus próisis a bhfuil gá leo chun tacú le hardleibhéil digiteála, tá ceannairí polaitiúla agus bainisteoirí sinsearacha tiomanta chun iad a stiúradh a thuilleadh. Cuireann an fhoireann TF leis na próisis chinnteoireachta maidir leis an digiteáil. Earcaíodh próifílí speisialtóra dhigitigh de réir mar ba ghá. Tá scileanna digiteacha leormhaithe ag an bhfoireann. Cuireadh mórán próiseas in úsáid atá dírithe ar chúrsaí digiteacha agus dian ó thaobh sonraí de.
Is mó tairbhe a d’fhéadfá a bhaint as teicneolaíochtaí níos speisialaithe a chur chun feidhme, cuir i gcás, an intleacht shaorga, anailísíocht sonraí ardleibhéil, ceapadh beartas atá dírithe ar chúrsaí digiteacha agus tuilleadh.
-
An Ullmhacht Dhigiteach
Bunúsach 0-25%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath maidir leis an ullmhacht dhigiteach (teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh). B’fhéidir go bhfuil líon beag teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha á úsáid agat ach is ar bhonn fíortheoranta a chuirtear iad i bhfeidhm i d’oibríochtaí (inmheánach agus seachtrach). Tá an‑chuid acmhainneachta ann nár fiosraíodh fós chun go méadóidh d’eagraíocht an táirgiúlacht inmheánach agus go bhfreastalófaí níos fearr ar na saoránaigh agus ar na gnólachtaí lena n‑idirghníomhaíonn tú trí níos mó teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh - idir theicneolaíochtaí príomhshrutha agus theicneolaíochtaí ar leibhéal níos airde.
Rachadh sé chun tairbhe go mór do d’eagraíocht dá gcuimhneofá ar roinnt teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun feidhme. D’fhéadfaidís (go táscach) feabhas a chur ar éifeachtúlacht d’eagraíochta (Córais Bainistíochta Faisnéise, ERP), sástacht na saoránach/na ngnólachtaí a mhéadú (tairseacha, uirlisí gréasánbhunaithe le haghaidh cumarsáide, comhráite beo/líonraí sóisialta), ríomhsheirbhísí iomlána a sholáthar (uirlisí chun seirbhísí a sholáthar ar líne), scileanna pearsanra a uasghrádú / sástacht agus coimeád an phearsanra a mhéadú (comhar gnó cianda, teilea-obair, físchomhdháil, foghlaim fhíorúil, srl.).
*Tagraíonn teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha don bhonneagar nascachta, suíomh gréasáin eagraíochta, foirmeacha agus fóraim ghréasánbhunaithe chun cumarsáid a dhéanamh le saoránaigh/gnólachtaí, comhráite beo/líonraí sóisialta/botaí comhrá le haghaidh cumarsáide le saoránaigh/gnólachtaí, uirlisí comhair chianda (mar shampla, teilea-obair, físchomhdháil, foghlaim fhíorúil, srl.). Tairseach inlín, Córais Bainistíochta Faisnéise (ERP, CRM, SCM srl.), uirlisí le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha agus uirlisí soláthair phoiblí.
*Tagraíonn ardteicneolaíochtaí digiteacha do na nithe seo a leanas (go táscach): Feidhmeanna Intleachta Saorga (IS), ardteicneolaíochtaí cumarsáide (is é sin, 5G), ardbhonneagair ríomhaireachta (néalríomhaireacht nó imeall‑ríomhaireacht), Blocshlabhra, Réitigh Shlándála agus Aitheantais Dhigitigh, IoT, gairis chliste, srl.
Meánscór 26-50%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim luath maidir leis an ullmhacht dhigiteach (teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh). I d’eagraíocht, tá teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha áirithe á n‑úsáid agat, ach níl siad uile á n‑úsáid agat. Cuirtear réitigh dhigiteacha in úsáid i roinnt oibríochtaí de do chuid – sa riarachán agus i dtascanna laethúla go príomha. D’fhéadfadh sé go bhfuil tairbhe á bhaint agat as na buntáistí a d’fhéadfadh teicneolaíochtaí digiteacha a thairiscint duit i réimsí cuir i gcás d’oibríochtaí laethúla in acmhainní daonna agus sa bhainistíocht airgeadais.
Is mó a rachadh sé chun tairbhe do d’eagraíocht dá gcuimhneofá ar roinnt teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun feidhme chun éifeachtúlacht na bpróiseas inmheánach agus seachtrach de do chuid a mhéadú (is é sin, sreafaí oibre, cumarsáid le saoránaigh/gnólachtaí, seirbhísí poiblí digiteacha a sholáthar agus tuilleadh). D’fhéadfá iad a úsáid freisin chun do phróisis a chomhtháthú agus chun dlús a chur leo (is é sin, córais bainistíochta faisnéise, ERP, ríomhsholáthar), scileanna pearsanra a uasghrádú / sástacht agus coimeád an phearsanra a mhéadú (comhar gnó cianda, teilea-obair, físchomhdháil, foghlaim fhíorúil, srl.) agus chun dlús a chur le d’aistriú chuig eagraíocht dhigiteach go ginearálta.
*Tagraíonn teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha don bhonneagar nascachta, suíomh gréasáin eagraíochta, foirmeacha agus fóraim ghréasánbhunaithe chun cumarsáid a dhéanamh le saoránaigh/gnólachtaí, comhráite beo/líonraí sóisialta/botaí comhrá le haghaidh cumarsáide le saoránaigh/gnólachtaí, uirlisí comhair chianda (mar shampla, teilea-obair, físchomhdháil, foghlaim fhíorúil, srl.). Tairseach inlín, Córais Bainistíochta Faisnéise (ERP, CRM, SCM srl.), uirlisí le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha agus uirlisí soláthair phoiblí.
*Tagraíonn ardteicneolaíochtaí digiteacha do na nithe seo a leanas (go táscach): Feidhmeanna Intleachta Saorga (IS), ardteicneolaíochtaí cumarsáide (is é sin, 5G), ardbhonneagair ríomhaireachta (néalríomhaireacht nó imeall‑ríomhaireacht), Blocshlabhra, Réitigh Shlándála agus Aitheantais Dhigitigh, IoT, gairis chliste, srl.
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn maidir leis an ullmhacht dhigiteach (teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh). Maidir le tairbhí a d’fhéadfadh teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha a thairiscint, is rídhócha go mbaineann tú leas as na tairbhí sin cheana féin. Tá bonneagar nascachta iontaofa agat agus úsáideann tú teicneolaíochtaí agus feidhmchláir idirlín cheana féin, le haghaidh na n‑idirghníomhaíochtaí le saoránaigh/gnólachtaí freisin.
Soláthraíonn tú roinnt seirbhísí poiblí digiteacha ach d’fhéadfá na hidirghníomhaíochtaí le húsáideoirí a dhigiteáil go hiomlán arís eile agus próisis fhisiciúla fhadálacha a sheachaint. D’fhéadfá tairbhe a bhaint as feidhmchláir ardleibhéil nó chomhtháite a chur in úsáid go hiomlán, cuir i gcás, Córais Bainistíochta Faisnéise, ERP nó ríomhsholáthar. Níor bhain tú leas fós as an acmhainneacht a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha níos speisialaithe nó ar leibhéal níos airde a d’fhéadfadh éifeachtúlacht na bpróiseas inmheánach agus seachtrach de do chuid a mhéadú go suntasach agus a chuideodh leat freagairt níos fearr agus níos tapúla do riachtanais d’úsáideoirí deiridh. Tá tú ar an tslí cheart ach d’fhéadfá dlús a chur le d’aistriú chuig fíoreagraíocht dhigiteach nua‑aimseartha.
*Tagraíonn teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha don bhonneagar nascachta, suíomh gréasáin eagraíochta, foirmeacha agus fóraim ghréasánbhunaithe chun cumarsáid a dhéanamh le saoránaigh/gnólachtaí, comhráite beo/líonraí sóisialta/botaí comhrá le haghaidh cumarsáide le saoránaigh/gnólachtaí, uirlisí comhair chianda (mar shampla, teilea-obair, físchomhdháil, foghlaim fhíorúil, srl.). Tairseach inlín, Córais Bainistíochta Faisnéise (ERP, CRM, SCM srl.), uirlisí le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha agus uirlisí soláthair phoiblí.
*Tagraíonn ardteicneolaíochtaí digiteacha do na nithe seo a leanas (go táscach): Feidhmeanna Intleachta Saorga (IS), ardteicneolaíochtaí cumarsáide (is é sin, 5G), ardbhonneagair ríomhaireachta (néalríomhaireacht nó imeall‑ríomhaireacht), Blocshlabhra, Réitigh Shlándála agus Aitheantais Dhigitigh, IoT, gairis chliste, srl.
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith chun cinn go mór maidir leis an ullmhacht dhigiteach (teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh). Baineann tú tairbhe as formhór mór na dteicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha dá bhfuil ar fáil a úsáid i d’oibríochtaí inmheánacha agus seachtracha. Cuirtear réitigh dhigiteacha in úsáid i dtromlach d’oibríochtaí inmheánacha/seachtracha – cuir i gcás riarachán agus bainistíocht, seirbhísí poiblí digiteacha iomlána a sholáthar, ríomhsholáthar srl. Baineann tú tairbhe as Córais chomhtháite Bainistíochta Faisnéise chomhtháite, cuir i gcás ERP, a nascann d’oibríochtaí.
B’fhéidir go bhfuil tú tar éis tosú ar thriail a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha ar leibhéal níos airde i réimsí sonracha de d’eagraíocht, nó ar na teicneolaíochtaí sin a chur chun feidhme sna réimsí sin, agus tá an bealach chun tairbhe níos mó a bhaint astu sin á fhiosrú go gníomhach agat. Tá tú sách fada chun cinn in úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha, agus tá an leibhéal ullmhachta is gá agat freisin chun na tairbhí a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha níos speisialaithe agus as teicneolaíochtaí digiteacha ar leibhéal níos airde a chur chun feidhme. Mhéadóidís sin leibhéal ríomh‑rialtais d’eagraíochta agus í a chlaochlú chun bheith ina heagraíocht iomlán sonraíbhunaithe.
*Tagraíonn teicneolaíochtaí digiteacha príomhshrutha don bhonneagar nascachta, suíomh gréasáin eagraíochta, foirmeacha agus fóraim ghréasánbhunaithe chun cumarsáid a dhéanamh le saoránaigh/gnólachtaí, comhráite beo/líonraí sóisialta/botaí comhrá le haghaidh cumarsáide le saoránaigh/gnólachtaí, uirlisí comhair chianda (mar shampla, teilea-obair, físchomhdháil, foghlaim fhíorúil, srl.). Tairseach inlín, Córais Bainistíochta Faisnéise (ERP, CRM, SCM srl.), uirlisí le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha agus uirlisí soláthair phoiblí.
*Tagraíonn ardteicneolaíochtaí digiteacha do na nithe seo a leanas (go táscach): Feidhmeanna Intleachta Saorga (IS), ardteicneolaíochtaí cumarsáide (is é sin, 5G), ardbhonneagair ríomhaireachta (néalríomhaireacht nó imeall‑ríomhaireacht), Blocshlabhra, Réitigh Shlándála agus Aitheantais Dhigitigh, IoT, gairis chliste, srl.
-
An Digiteáil Dhuine‑lárnach
Bunúsach 0-25%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath maidir leis an digiteáil dhuine‑lárnach (forbairt scileanna le haghaidh na digiteála). Is ar leibhéal na polaitíochta, bainistíochta agus/nó ar an leibhéal oibríochtúil ba cheart an acmhainneacht a bhainfeadh le feabhas a chur ar scileanna digiteacha na foirne a bheith níos soiléire. D’fhéadfadh d’eagraíocht tosú air sin trí mheasúnú ar scileanna digiteacha a dhéanamh le haghaidh d’fhoirne, agus dhéanfaí plean oiliúna praiticiúil dá éis sin chun an fhoireann a athsciliú nó a uas‑sciliú. Ba cheart duit cuimhneamh ar níos mó oiliúna nó uirlisí foghlama ar líne a sholáthar don fhoireann chun scileanna digiteacha a fháil/a mhéadú. Is rudaí bunúsacha iad scileanna digiteacha na foirne agus níl poist athdheartha le haghaidh na ré digití fós.
Sa raon sin, tá acmhainneacht ollmhór ann nach bhfuil leas á bhaint aisti chun litearthacht dhigiteach d’fhostaithe a mhéadú fiú agus gan ach infheistíochtaí teoranta i gceist ar dtús.
Meánscór 26-50%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim luath fós maidir leis an digiteáil dhuine‑lárnach (forbairt scileanna le haghaidh na digiteála). Is dócha go bhfuil do cheannaireacht pholaitíochta/bhainistíochta tar éis an tábhacht agus an acmhainneacht a bhaineann le hoiliúint a chur ar d’fhoireann i dteicneolaíochtaí digiteacha a thuiscint agus d’fhéadfadh sé go ndearna tú bearta áirithe sa treo sin. Mar an chéad chéim eile, d’fhéadfá plean oiliúna mionsonrach a chur i bhfeidhm chun an fhoireann a athsciliú nó a uas‑sciliú. B’fhéidir go bhfuil rochtain ag an bhfoireann ar ranganna teagaisc áirithe ar líne agus ar roghanna féinfhoghlama áirithe eile chun scileanna digiteacha a fháil/a mhéadú – ach d’fhéadfá iad a shaincheapadh níos fearr de réir na rudaí sonracha atá ag teastáil uathu agus/nó a riachtanas oiliúna sonracha. D’fhéadfá an oiliúint a chomhcheangal le deiseanna chun triail a bhaint as nithe agus le neamhspleáchas chun cinntí a dhéanamh nó chun dul i mbun na nuála. Ba cheart duit deiseanna forbartha gairme a sholáthar d’fhostaithe a bhfuil scileanna digiteacha acu agus poist a athdhearadh go leormhaith le haghaidh na ré digití. Ba cheart scileanna digiteacha na foirne a bheith ag teacht le scileanna atá riachtanach chun feidhmeanna a bpost a nuachóiriú.
Tá an‑chuid acmhainneachta ann nár baineadh leas aisti chun go gcuirfidh d’eagraíocht plean oiliúna ar bun bunaithe ar na pleananna digiteála atá beartaithe agat a dhéanamh go luath amach anseo. D’fhéadfá tairbhe a bhaint as deiseanna maoiniúcháin gaolmhara ó chláir dhifriúla freisin chun d’fhoireann a athsciliú agus a uas‑sciliú. Dá thoradh sin, is mó glacadh a bheadh ag an bhfoireann oilte le teicneolaíochtaí digiteacha nua a thabhairt isteach agus is mó tacaíocht a thabharfaidís d’athruithe a chruthódh eagla go gcaillfí poist ina mhalairt de chás. Le scileanna digiteacha na foirne a mhéadú, sholáthrófaí duit an timpeallacht ba ghá chun pearsanra TF ardoilte a fhostú agus conair ghairme a sholáthar dóibh.
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn maidir leis an digiteáil dhuine‑lárnach (forbairt scileanna le haghaidh na digiteála). Tá plean oiliúna curtha i bhfeidhm ag d’eagraíocht cheana féin chun an fhoireann a athsciliú/a uas‑sciliú ach d’fhéadfá teicneolaíochtaí digiteacha ar leibhéal níos airde a chuimsiú go gcuirfí chun feidhme go luath amach anseo iad. Tugtar tús áite don sciliú/uas‑sciliú i dteicneolaíochtaí digiteacha agus soláthraítear oiliúint i scileanna digiteacha d’fhostaithe – ach ba cheart duit í a shaincheapadh i gcónaí de réir na rudaí sonracha atá ag teastáil uathu agus a riachtanas oiliúna sonracha. D’fhéadfadh sé go bhfuil an eagraíocht ar an eolas freisin faoi dheiseanna maoiniúcháin le haghaidh na hoiliúna chun scileanna digiteacha an phearsanra a fheabhsú agus d’fhéadfadh an eagraíocht tairbhe a bhaint as sin.
Tá an fhoireann sách oilte chun a bpost a dhéanamh trí mhodhanna digiteacha ach d’fhéadfá iad a spreagadh níos mó chun triail a bhaint as uirlisí nua chun cinntí a fhorghníomhú nó chun dul i mbun na nuála. Tá méid áirithe rannpháirteachais ag an bhfoireann i ndearadh agus i bhforbairt na digiteála seirbhíse nó próiseas poiblí. Is dócha go bhfuil deiseanna forbartha gairme ar fáil d’fhostaithe a bhfuil scileanna digiteacha acu. Tá poist athdheartha le haghaidh na ré digití – agus timpeallachtaí oibre nuálacha/atá feabhsaithe go digiteach san áireamh, agus d’fhéadfadh tacaíocht seirbhíse tacaíochta digití a bheith acu. Tá scileanna digiteacha na foirne oiriúnach go substaintiúil d’fheidhmeanna a bpost.
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith chun cinn go mór maidir leis an digiteáil dhuine‑lárnach (forbairt scileanna le haghaidh na digiteála). Tá plean oiliúna cuimsitheach i bhfeidhm chun an fhoireann a athsciliú nó a uas‑sciliú agus táthar á fhorghníomhú go gníomhach nó tá monatóireacht ghníomhach á déanamh air. Déantar oiliúint chuimsitheach san ardteicneolaíocht nó i scileanna digiteacha a sholáthar go minic agus go tráthrialta d’fhostaithe – saincheaptha i gcónaí de réir na rudaí sonracha atá ag teastáil uathu agus a riachtanas oiliúna sonracha. Is minic a chomhcheanglaítear an oiliúint le deiseanna chun triail a bhaint as nithe agus le neamhspleáchas chun cinntí a dhéanamh nó chun dul i mbun na nuála. Tá deiseanna forbartha gairme ar fáil d’fhostaithe a bhfuil scileanna digiteacha acu. Tá ról gníomhach ag an bhfoireann i straitéis na heagraíochta. Tá poist athdheartha le haghaidh na ré digití – agus timpeallachtaí oibre nuálacha/atá feabhsaithe go digiteach san áireamh – agus tacaíocht seirbhíse tacaíochta digití acu. Tá scileanna digiteacha na foirne ar ardleibhéal.
-
Bainistiú Sonraí & Slándáil
Bunúsach 0-25%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath maidir leis an mbainistiú agus leis an tslándáil sonraí (stóráil, eagrú, rochtain, saothrú agus slándáil sonraí). D’fhéadfá tosú trí bheartas/plean sonraí/tacar beart a chur i bhfeidhm agus an t‑aistriú sonraí, a stóráiltear ar pháipéar chuig sonraí a stóráiltear go digiteach, a phleanáil. Faoi mar atá faoi láthair, ní dhéantar ach cúpla cineál doiciméad a dhigitiú, agus is beag sonraí a stóráiltear go digiteach. Bheadh plean slándála sonraí agus próiseas cibearshlándála riachtanach le haghaidh an aistrithe sin a bheadh ar leibhéal ní b’airde ná na huirlisí cibearshlándála ar an leibhéal bunúsach a úsáidtear faoi láthair.
Toisc go bhfuil d’eagraíocht ag céim chomh luath sin, tá acmhainneacht ollmhór ann nach bhfuil leas á bhaint aisti chun dul chun cinn i bpróiseas na digiteála tríd an mais chriticiúil de shonraí a chruthú a sholáthródh léargais le haghaidh réimsí difriúla na n‑oibríochtaí. Ba cheart é sin a dhéanamh in éineacht le bearta slándála sonraí ar leibhéal níos airde a chur chun feidhme chun a chinntiú go dtabharfar cosaint cheart do shonraí agus d’eolas tábhachtach.
Meánscór 26-50%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim luath maidir leis an mbainistiú agus leis an tslándáil sonraí (stóráil, eagrú, rochtain, saothrú agus slándáil sonraí). Is rídhócha nach bhfuil aon bheartas/plean/tacar beart praiticiúil i leith an bhainistithe sonraí ar fáil nó tá sé ag céim an-luath fós. Tá doiciméid agus próisis digitithe in oibríochtaí agus i réimsí áirithe. Stóráiltear sonraí áirithe i bhfoirm struchtúr digiteach – le haghaidh próisis riaracháin/airgeadais go príomha. Mar sin féin, d’fhéadfá feabhas a chur ar leibhéal na sonraí a mhalartaítear agus a chomhtháthaítear idir feidhmchláir dhifriúla. Ní shaothraítear sonraí go hiomlán le haghaidh oibríochtaí na heagraíochta agus ní threoraíonn siad an chinnteoireacht ná an ceapadh beartais ar leibhéal a d’fhéadfadh difríocht a dhéanamh. Tá leibhéal measartha cosanta sonraí ann le huirlisí cibearshlándála príomhshrutha ach b’fhéidir nach bhfuil beartas cibearshlándála praiticiúil agus cuimsitheach ann fós.
Toisc go bhfuil d’eagraíocht sa raon sin, tá acmhainneacht mhór ann nár fiosraíodh fós trí d’aistriú digiteach a fhorbairt agus straitéis bainistithe sonraí cheart a chur i bhfeidhm, agus straitéis cibearshlándála san áireamh. Trí níos mó acmhainní a infheistiú, d’fhéadfá na tairbhí a bhaint as formhór shonraí agus phróisis na heagraíochta a bheith i bhfoirm dhigiteach, agus iad comhtháite trí chórais idir‑inoibritheacha agus trí rochtain a fháil ar shonraí ó ghairis agus ó shuíomhanna difriúla. Bheifí in ann sonraí struchtúrtha a chur isteach i bhfeidhmchláir anailísíochta sonraí agus an fhaisnéis is gá a sholáthar do d’eagraíocht chun cinntí tábhachtacha a dhéanamh agus freastal níos fearr ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí. Is gá beartas cibearshlándála cuimsitheach a chur i bhfeidhm in éineacht le bearta a chosnódh an eagraíocht agus sonraí na saoránach/na ngnólachtaí ar chibearbhagairtí agus le pleananna teagmhais cearta.
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn maidir leis an mbainistiú agus leis an tslándáil sonraí (stóráil, eagrú, rochtain, saothrú agus slándáil sonraí). Tá beartas/plean/tacar beart praiticiúil i leith an bhainistithe sonraí i bhfeidhm agat cheana féin chun do chuid sonraí a bhainistiú agus tairbhe a bhaint astu. Tá doiciméid agus próisis digitithe san iomaí feidhm agus réimse oibríochtúil den ghnó (ar bhonn inmheánach agus seachtrach). Stóráiltear formhór na sonraí i bhfoirm struchtúr digiteach agus tá ardleibhéal den chomhtháthú sonraí agus den idir‑inoibritheacht ann idir na córais dhifriúla TF. Measann tú go bhfuil an anailís sonraí tábhachtach le haghaidh d’oibríochtaí agus na cinnteoireachta eolasaí, agus mar mhodh chun optamú breise a dhéanamh agus feabhas breise a chur ar an tseirbhís do ‘chustaiméirí’. Tá plean le haghaidh na cibearshlándála agat agus tá bearta sainaitheanta agat atá le déanamh i gcás cibearéigeandála. Tá foráil ann maidir le saoráidí cúltaca sonraí agus feasacht i measc an phearsanra ar thábhacht na cosanta in aghaidh cibearbhagairtí. Tá oiliúint agus imeachtaí feasachta ar fáil le haghaidh na foirne maidir le hábhar na cibearshlándála.
Toisc go bhfuil d’eagraíocht sa raon sin, tá mórán ann fós atá le baint amach le haghaidh d’eagraíochta trí úsáid níos mó agus níos fearr a bhaint as sonraí. D’fhéadfá tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhtháthú sonraí agus ar an idir‑inoibritheacht idir do chórais féin agus córais eagraíochtaí difriúla a chuideodh leat oibriú ar bhealach níos éifeachtúla. D’fhéadfá do chuid sonraí a dhéanamh inrochtana i bhfíor-am ar ghairis agus i suíomhanna difriúla agus le haghaidh d’fhoirne féin freisin (mar shampla an teilea-obair). In éineacht le do chumais bainistithe sonraí a uasghrádú, ba cheart duit beartais láidre um shlándáil sonraí agus pleananna láidre teagmhais agus leanúnachais oibríochtaí a chur chun feidhme i gcás cibearbhagairtí tromchúiseacha.
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith chun cinn go mór maidir leis an mbainistiú agus leis an tslándáil sonraí (stóráil, eagrú, rochtain, saothrú agus slándáil sonraí). Tá doiciméid agus próisis digitithe i bhformhór na bhfeidhmeanna agus na réimsí oibríochtúla (próisis riaracháin/acmhainní daonna/airgeadais, rialachas, seirbhísí digiteacha poiblí, soláthar srl.). Stóráiltear na sonraí uile i bhfoirm struchtúr digiteach. Tá bailiú agus saothrú sonraí ríthábhachtach don eagraíocht. Déantar formhór na sonraí a ghabháil agus a úsáid mar ionchur le haghaidh na bpríomhphróiseas/na bpríomhoibríochtaí uile. Déanann sonraí an chinnteoireacht a threorú agus próisis a optamú. Cuireadh réitigh/caighdeáin chun feidhme chun malartú na sonraí agus an idir‑inoibritheacht le páirtithe seachtracha a éascú.
Tá pleananna cibearshlándála i láthair agus cuirtear beartais agus bearta sonracha chun feidhme chun sonraí na heagraíochta a chosaint ar chibearbhagairtí. Tá plean ann a chumhdaíonn sonraí inmheánacha agus seachtracha (saoránaigh/gnólachtaí) agus beartais chúltaca iomlána. Tá ardleibhéal feasachta ag an bhfoireann ar chibearbhagairtí agus coinnítear ar bun í tríd an oiliúint, agus tá plean leanúnachais oibríochtaí i bhfeidhm i gcás teagmhas turraingeach mar gheall ar chibirionsaí.
-
Idir‑inoibritheacht
Bunúsach 0-25%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath maidir leis an idir‑inoibritheacht*. Toisc go bhfuil d’eagraíocht ag céim chomh luath sin, b’fhéidir go bhfuil bearta áirithe déanta agat chun bunleibhéal oscailteachta sonraí agus/nó trédhearcachta a chur chun feidhme. B’fhéidir go bhfuil tú ag cuimhneamh ar réitigh atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ar an inaistritheacht sonraí. D’fhéadfadh d’eagraíocht tairbhe mór a bhaint as leibhéil idir‑inoibritheachta eile atá ar leibhéal níos airde cuir i gcás réitigh, eolas agus sonraí in‑athúsáidte, rochtain ar réitigh trí chainéil iomadúla agus pointe teagmhála aonair amháin a sholáthar le haghaidh na seirbhísí a thairgeann tú. Ba cheart tús áite a thabhairt do chuimsiú agus d’inrochtaineacht do sheirbhísí freisin le haghaidh na ndaoine is leochailí (daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus grúpaí eile).
D’fhéadfadh d’eagraíocht feabhas mór a chur ar a hoibríochtaí trí fheabhas a chur ar na leibhéil idir-inoibritheachta sna réimsí a luaitear ach freisin tríd an tslándáil agus an príobháideachas sa mhalartú sonraí a chinntiú, tús áite a thabhairt d’úsáid seirbhísí trí chainéil dhigiteacha, rochtain fhadtéarmach ar an stóráil sonraí a chinntiú agus déanamh deimhin de mheasúnú tráthrialta a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na réiteach digiteach a thairgtear do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
*Meastar gurb éard atá i gceist leis an idir-inoibritheacht an cumas chun idirghníomhú i dtreo spriocanna atá tairbhiúil do gach eagraíocht, in éineacht le heagraíochtaí eile, trí shonraí a mhalartú idir a gcórais TFC. Tomhaistear í in aghaidh an 12 phrionsabal idir-inoibritheachta a sainaithníodh sa Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta Nua (CEI)[1].
Meánscór 26-50%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim luath maidir leis an idir‑inoibritheacht*. Sa chéim luath sin, b’fhéidir go bhfuil bearta áirithe déanta agat chun bunleibhéal oscailteachta sonraí agus/nó trédhearcachta a chur chun feidhme agus b’fhéidir méid áirithe den neodracht teicneolaíochta agus den inaistritheacht sonraí. B’fhéidir gur thosaigh tú ar thriail a bhaint as leibhéil idir‑inoibritheachta ar leibhéal níos airde nó ar na leibhéil sin a chur chun feidhme cuir i gcás réitigh, eolas agus sonraí in‑athúsáidte, rochtain ar réitigh trí chainéil iomadúla agus pointe teagmhála aonair amháin le haghaidh na seirbhísí a bhíonn á dtairiscint agat. Ó thaobh chuimsiú agus inrochtaineacht do sheirbhísí le haghaidh na ndaoine is leochailí (daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus grúpaí eile), cuireadh méid tosaigh chun feidhme.
D’fhéadfadh d’eagraíocht feabhas mór a chur ar a hoibríochtaí trí fheabhas a chur ar na leibhéil idir-inoibritheachta sna réimsí a luaitear roimhe ach freisin tríd an tslándáil agus an príobháideachas sa mhalartú sonraí a chinntiú, tús áite a thabhairt d’úsáid seirbhísí trí chainéil dhigiteacha, rochtain fhadtéarmach ar an stóráil sonraí a chinntiú agus déanamh deimhin de mheasúnú tráthrialta a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na réiteach digiteach a thairgtear do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
*Meastar gurb éard atá i gceist leis an idir-inoibritheacht an cumas chun idirghníomhú i dtreo spriocanna atá tairbhiúil do gach eagraíocht, in éineacht le heagraíochtaí eile, trí shonraí a mhalartú idir a gcórais TFC. Tomhaistear í in aghaidh an 12 phrionsabal idir-inoibritheachta a sainaithníodh sa Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta Nua (CEI))[2].
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn maidir leis an idir‑inoibritheacht*. Sa chéim sin, tá bearta déanta agat chun an oscailteacht sonraí agus/nó an trédhearcacht a chur chun feidhme agus b’fhéidir méid suntasach den neodracht teicneolaíochta agus den inaistritheacht sonraí. Tá tú tar éis triail a bhaint as leibhéil idir‑inoibritheachta ar leibhéal níos airde nó tá siad curtha chun feidhme agat cheana féin cuir i gcás ath‑inúsáidteacht réiteach, eolais agus sonraí, inrochtaineacht na réiteach trí chainéil iomadúla agus pointe teagmhála aonair amháin le haghaidh na seirbhísí a thairgeann tú. Bhí tú aireach réitigh a chur chun feidhme ar mhaithe le cuimsiú agus le hinrochtaineacht do sheirbhísí le haghaidh na ndaoine is leochailí (daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus grúpaí eile).
D’fhéadfadh d’eagraíocht feabhas a chur ar a hoibríochtaí fós trí fheabhas a chur ar na leibhéil idir-inoibritheachta sna réimsí a luaitear roimhe ach freisin tríd an tslándáil agus an príobháideachas sa mhalartú sonraí a chinntiú, tús áite a thabhairt d’úsáid seirbhísí trí chainéil dhigiteacha, rochtain fhadtéarmach ar an stóráil sonraí a chinntiú agus déanamh deimhin de mheasúnú tráthrialta a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na réiteach digiteach a thairgtear do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
*Meastar gurb éard atá i gceist leis an idir-inoibritheacht an cumas chun idirghníomhú i dtreo spriocanna atá tairbhiúil do gach eagraíocht, in éineacht le heagraíochtaí eile, trí shonraí a mhalartú idir a gcórais TFC. Tomhaistear í in aghaidh an 12 phrionsabal idir-inoibritheachta a sainaithníodh sa Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta Nua (CEI)[3].
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith chun cinn maidir leis an idir‑inoibritheacht*. Sa chéim sin, tá réitigh idir-inoibritheacha curtha chun feidhme agat i bhformhór na réimsí cheana féin agus tá sé i gceist agat iad a chur chun feidhme, cuir i gcás an oscailteacht sonraí agus/nó an trédhearcacht agus an neodracht teicneolaíochta agus an inaistritheacht sonraí ar bhonn leathan. Tá leibhéil idir‑inoibritheachta atá ar leibhéal níos airde curtha chun feidhme agat cheana féin cuir i gcás ath‑inúsáidteacht réiteach, eolais agus sonraí, inrochtaineacht na réiteach trí chainéil iomadúla agus pointe teagmhála aonair amháin le haghaidh na seirbhísí a thairgeann tú. Tá réitigh curtha chun feidhme agat cheana féin ar mhaithe le cuimsiú agus le hinrochtaineacht do sheirbhísí freisin le haghaidh na ndaoine is leochailí (daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus grúpaí eile). Cinntíonn tú an tslándáil agus an príobháideachas sa mhalartú sonraí, tugann tú tús áite d’úsáid seirbhísí trí chainéil dhigiteacha agus cinntíonn tú rochtain fhadtéarmach ar an stóráil sonraí.
Tá d’eagraíocht agus na saoránaigh/gnólachtaí ar a bhfreastalaíonn tú ag baint na dtairbhí cheana féin as an idir‑inoibritheacht ard i soláthar na seirbhísí iontaofa tapúla. D’fhéadfá feabhas a chur ar d’oibríochtaí fós trí leanúint de d’iarrachtaí chun fanacht chun cinn maidir leis an idir‑inoibritheacht agus déanamh deimhin de go ndéanfaidh tú measúnú go tráthrialta ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na réiteach digiteach a thairgeann tú do do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
*Meastar gurb éard atá i gceist leis an idir-inoibritheacht an cumas chun idirghníomhú i dtreo spriocanna atá tairbhiúil do gach eagraíocht, in éineacht le heagraíochtaí eile, trí shonraí a mhalartú idir a gcórais TFC. Tomhaistear í in aghaidh an 12 phrionsabal idir-inoibritheachta a sainaithníodh sa Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta Nua (CEI)[4].
-
An Digiteáil Ghlas
Bunúsach 0-25%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim an‑luath maidir leis an digiteáil ghlas*. D’fhéadfá tosú ar na gnéithe comhshaoil a mheas i do roghanna digiteála. D’fhéadfá úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealach go gcuirfidh siad le hoibríochtaí inbhuanaithe (cuir i gcás oibríochtaí inmheánacha/seachtracha, seirbhísí poiblí digiteacha a sholáthar, ceannach agus soláthar poiblí srl.). D’fhéadfadh teicneolaíochtaí digiteacha tacú le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar thruailliú agus leis an dramhaíl a bhainistiú. D’fhéadfaidís tacú le húsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as acmhainní freisin ar mhaithe le hoibríocht ghlas a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus le seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh/ghnólachtaí.
D’fhéadfaí réitigh dhigiteacha a úsáid chun tionchar na heagraíochta ar an gcomhshaol a laghdú. D’fhéadfadh ábhair/táirgí a úsáideann an eagraíocht a bheith inrianaithe. D’fhéadfaí fuinneamh a fhoinsiú ó fhoinsí inbhuanaithe lasmuigh den láthair nó ar an láthair. D’fhéadfaí próisis gan pháipéar a dhéanamh de phróisis riaracháin. D’fhéadfaí tionchair chomhshaoil a chur san áireamh i roghanna agus i gcleachtais dhigiteacha nuair atá trealamh TF á cheannach.
*Tagraíonn an digiteáil ghlas don chumas atá ag eagraíocht tabhairt faoin digiteáil de réir cur chuige fadtéarmach ina nglactar freagracht as cosaint agus as inbhuanaitheacht na n‑acmhainní nádúrtha agus an chomhshaoil agus ina ndéantar cúram díobh (agus buntáiste iomaíoch a dhéanamh de ar deireadh).
Meánscór 26-50%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith ag céim luath maidir leis an digiteáil ghlas*. Meastar gnéithe comhshaoil i roghanna digiteála uaireanta. B’fhéidir go bhfuil teicneolaíochtaí digiteacha tar éis tosú ar a bheith ag cur le hoibríochtaí inbhuanaithe (cuir i gcás oibríochtaí inmheánacha/seachtracha, seirbhísí poiblí digiteacha a sholáthar, ceannach agus soláthar poiblí srl.). Mar sin féin, d’fhéadfadh teicneolaíochtaí digiteacha tacaíocht shubstaintiúil a thabhairt chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar thruailliú agus leis an dramhaíl a bhainistiú nó tacú le húsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as acmhainní ar mhaithe le hoibríocht ghlas a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus le seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh/ghnólachtaí.
D’fhéadfaí réitigh dhigiteacha a úsáid ar bhealach níos gníomhaí chun laghdú substaintiúil a dhéanamh ar thionchar na heagraíochta ar an gcomhshaol. D’fhéadfadh ábhair/táirgí a úsáideann an eagraíocht a bheith inrianaithe. D’fhéadfaí fuinneamh a fhoinsiú ó fhoinsí inbhuanaithe lasmuigh den láthair nó ar an láthair. Próisis gan pháipéar atá i gceist le próisis riaracháin áirithe ach ní hamhlaidh sin i gcás na bpróiseas uile fós. Is go páirteach a chuirtear tionchair chomhshaoil san áireamh i roghanna agus i gcleachtais dhigiteacha nuair atá trealamh TF á cheannach.
*Tagraíonn an digiteáil ghlas don chumas atá ag eagraíocht tabhairt faoin digiteáil de réir cur chuige fadtéarmach ina nglactar freagracht as cosaint agus as inbhuanaitheacht na n‑acmhainní nádúrtha agus an chomhshaoil agus ina ndéantar cúram díobh (agus buntáiste iomaíoch a dhéanamh de ar deireadh).
Measartha maith chun cinn 50-75%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith measartha maith chun cinn maidir leis an digiteáil ghlas*. Is go páirteach a mheastar gnéithe comhshaoil i roghanna digiteála. B’fhéidir go bhfuil teicneolaíochtaí digiteacha ag cur méid áirithe le hoibríochtaí inbhuanaithe cheana féin (cuir i gcás oibríochtaí inmheánacha/seachtracha, seirbhísí poiblí digiteacha a sholáthar, ceannach agus soláthar poiblí srl.). D’fhéadfadh sé go bhfuil méid áirithe tacaíochta á thabhairt ag teicneolaíochtaí digiteacha chun laghdú ginearálta a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar thruailliú nó leis an dramhaíl a bhainistiú. Is dócha go dtugann teicneolaíochtaí digiteacha méid áirithe tacaíochta d’úsáid bharrfheabhsaithe acmhainní ar mhaithe le hoibríochtaí glasa agus neamhdhíobhálacha don chomhshaol, agus le seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh/ghnólachtaí.
Cuireann réitigh dhigiteacha go páirteach le tionchar na heagraíochta ar an gcomhshaol a laghdú. D’fhéadfadh ábhair/táirgí a úsáideann an eagraíocht a bheith inrianaithe go páirteach. D’fhéadfadh sé go bhfuil fuinneamh á fhoinsiú ó fhoinsí inbhuanaithe lasmuigh den láthair nó ar an láthair. Próisis gan pháipéar atá i gceist le formhór na bpróiseas riaracháin. Cuirtear tionchair chomhshaoil san áireamh i roghanna agus i gcleachtais dhigiteacha nuair atá trealamh TF á cheannach.
*Tagraíonn an digiteáil ghlas don chumas atá ag eagraíocht tabhairt faoin digiteáil de réir cur chuige fadtéarmach ina nglactar freagracht as cosaint agus as inbhuanaitheacht na n‑acmhainní nádúrtha agus an chomhshaoil agus ina ndéantar cúram díobh (agus buntáiste iomaíoch a dhéanamh de ar deireadh).
Ardleibhéal 76-100%
Is gnách le heagraíochtaí earnála poiblí ar an leibhéal aibíochta sin a bheith sách fada chun cinn maidir leis an digiteáil ghlas.* Meastar gnéithe comhshaoil i dtromlach na roghanna digiteála – agus soláthar, ídiú fuinnimh agus athúsáid acmhainní san áireamh. Cuireann teicneolaíochtaí digiteacha le hoibríochtaí inbhuanaithe cheana féin (cuir i gcás oibríochtaí inmheánacha/seachtracha, seirbhísí poiblí digiteacha a sholáthar, ceannach agus soláthar poiblí srl.). Is rídhócha go dtacaíonn teicneolaíochtaí digiteacha le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar thruailliú agus le dramhaíl a bhainistiú. Tacaíonn teicneolaíochtaí digiteacha le húsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as ábhair agus le seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh/ghnólachtaí.
Úsáidtear réitigh dhigiteacha chun laghdú substaintiúil a dhéanamh ar thionchar na heagraíochta ar an gcomhshaol (feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh san áireamh). Tá ábhair/táirgí a úsáideann an eagraíocht iontach inrianaithe fiú i bhfíor‑am. Déantar an fuinneamh a fhoinsiú ó fhoinsí inbhuanaithe lasmuigh den láthair nó ar an láthair. Próisis gan pháipéar atá i gceist leis na próisis riaracháin uile. Tá an tionchar comhshaoil comhtháite go rianúil i roghanna agus i gcleachtais digiteála.
*Tagraíonn an digiteáil ghlas don chumas atá ag eagraíocht tabhairt faoin digiteáil de réir cur chuige fadtéarmach ina nglactar freagracht as cosaint agus as inbhuanaitheacht na n‑acmhainní nádúrtha agus an chomhshaoil agus ina ndéantar cúram díobh (agus buntáiste iomaíoch a dhéanamh de ar deireadh).
[1] https://ec.europa.eu/isa2/sites/default/files/eif_brochure_final.pdf
[2] https://ec.europa.eu/isa2/sites/default/files/eif_brochure_final.pdf
[3] https://ec.europa.eu/isa2/sites/default/files/eif_brochure_final.pdf
[4] https://ec.europa.eu/isa2/sites/default/files/eif_brochure_final.pdf